‘Mexican stand-off’ i gcás bille do thoghcháin an Údaráis — Ó Cuív

Tacóidh Fianna Fáil le bille Shinn Féin faoi thoghcháin an Údaráis sa Seanad inniu, ach ‘teipfidh’ ar an iarracht i ndeireadh an lae, a deir an t-iar-aire Gaeltachta

‘Mexican stand-off’ i gcás bille do thoghcháin an Údaráis — Ó Cuív

Tacóidh Fianna Fáil leis an mbille atá á chur i láthair an tSeanaid ag Sinn Féin ina moltar toghcháin dhaonlathacha do Bhord Údarás na Gaeltachta, dar leis an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív.

Tá rabhadh tugtha aige, áfach, nach ngabhfaidh an iarracht seo “in aon áit” mar nach féidir le páirtithe an fhreasúra billí a bhrú chun cinn má tá caiteachas airgid i gceist leo.

“Mexican stand-off” a thug an t-iar-aire ar an gcóras faoina gceadaítear bille a phlé ach go dteipfidh air i ndeireadh an lae.

Dúirt Ó Cuív le Tuairisc.ie “raibh tada i mbille Shinn Féin” ach an méid a bhí geallta ag Fianna Fáil ina bhforógra toghcháin nuair a gheall an páirtí sin filleadh ar thoghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta.

Cuireadh deireadh leis na toghcháin sin le hAcht na Gaeltachta sa bhliain 2012.

“Tá geallúint shollúnta tugtha ag Fianna Fáil, nuair a thiocfaidh muid ar ais i gcumhacht, go dtabharfar an chumhacht ar ais don phobal baill a roghnú do Bhord Údarás na Gaeltachta,” a dúirt sé.

Maidir leis an gconspóid go molfadh Comhairle Chontae na Gaillimhe an comhairleoir Noel Thomas, Fianna Fáil, as Maigh Cuilinn do bhallraíocht ar an Údarás, dúirt Ó Cuív nach mbeadh aon rogha ag Aire na Gaeltachta ach “géilleadh don dlí” agus gan duine nach mbeadh in ann feidhmiú trí Ghaeilge a cheapadh ar Bhord an Údaráis.

Tuigtear do Tuairisc.ie gur mhaith le Fianna Fáil go malartófaí an post idir an comhairleoir Séamus Breathnach, as Uachtar Ard, agus an comhairleoir Noel Thomas. Ní cheadaítear in Acht na Gaeltachta don Chomhairle Contae ach duine amháin a ainmniú don phost.

Fág freagra ar '‘Mexican stand-off’ i gcás bille do thoghcháin an Údaráis — Ó Cuív'

  • Meadbh Uí Chonaill

    Níl anseo ach cleasaíocht ó Shinn Féin agus Fianna Fáil. Cé na daoine a bheidh tofa má théann muid ar ais chuig an sean chóras? An dream céanna atá istigh sna comhairlí contae. Teastaíonn saineolas ar chursaí fiontraíochta chomh maith le cúrsaí teanga agus Gaeltachta ar Bhord an Údaráis – ní bheidh sin le fáil trí thoghchán. Rud eile ar féidir a bheith cinnte faoi chomh maith – ní bheidh ionadaíocht cothrom ag mná ar an mBord má théann siad ar ais chuig toghcháin. Nach suntasach gur fir meánaosta uilig atá ag gearrán agus ag tarraingt achrann faoi bpróiseas ainmniúchán? Tá fadhb cothromaíochta le feiceáil cheana féin i measc ardbhainistíocht an Údaráis – fir uilig mar stiúrthoirí agus príomhfeidhmeannach. Ná ligfeadh muid é sin chun donnacht.