Meascán Mearaí 05 – Cé a rinne é? (Cartlann 2017)

Meascán Mearaí 05 – Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

Meascán Mearaí 05 – Cé a rinne é? (Cartlann 2017)

Is bleachtairí tú féin agus do leathbhádóir agus tá oraibh fiosruithe agus iniúchadh a dhéanamh ar choireanna. Thíos tá roinnt eolais faoi gcás atá idir lámha agaibh i láthair na huaire. Ar dtús tá cur síos ar an gcoir agus na fíricí eile a bhaineann leis an gcás. Ina dhiaidh sin tá eolas/cuntas ó thriúr go bhfuil sibh in amhras fúthu. Tá duine acu, ar shlí amháin nó ar shlí eile, tar éis tabhairt le fios go bhfuil siad ciontach. Léigh an méid thíos go cúramach agus déan iarracht an mhéar a shíneadh.

Fíricí:(níl siad seo ar eolas ach ag na Gardaí)

  • Goideadh carr ó charrchlós an ollmhargaidh Dé hAoine seo caite.
  • Tharla an eachtra idir 19.00 agus 20.00.
  • Bhí na soilse ar fad sa charrchlós briste ag an am.
  • Bhí an fear gur leis an carr imithe isteach sa teach tábhairne ar an taobh eile den bhóthar.
  • Carr dearg de dhéantús Nissan a bhí ann.
  • Dhún an t-ollmhargadh ag a 18.30. Dhún an siopa poitigéara a bhí in aice leis ag 19.50 agus dhún an teach tábhairne ar an taobh eile den bhóthar ag 23.30.
  • Chonaic fear a bhí amuigh ag siúl lena mhadra beirt ag dul isteach sa charr. Níl a fhios aige an fir nó mná a bhí iontu ach bhí gruaig fhada ar dhuine acu.
  • Fuarthas an carr an mhaidin ina dhiaidh sin agus é dóite. Bhí €50 a bhí fágtha sa charr imithe.

Ráitis:(níl siad seo ar eolas ach ag na Gardaí)

Learaí Leadránach:

  • Chuaigh mé síos chuig an an ollmhargadh ag a 18.00 chun arán agus bainne a cheannach.
  • Ní fhaca mé aon duine.
  • Ní dheachaigh mé gar don charrchlós.
  • Ar mo shlí abhaile chonaic mé fear ag siúl lena mhadra.
  • Níl ceadúnas tiomána agam.
  • Tá cailín agam ach níl aon ghruaig fhada uirthi.

Róisín Ráflaí:

  • Tá carr agam cheana féin.
  • Chuaigh mé síos ag an siopa poitigéara ag a 19.00. Chuaigh mé isteach san ollmhargadh
  • ina dhiaidh sin.
  • Chonaic mé Learaí Leadránach sa charrchlós. Bhí sé taobh le crann an tsolais ag caitheamh
  • toitín.
  • Bhí Micheál Mallaithe i mo theannta.
  • Níl gruaig fhada air ach tá gruaig fhada ormsa.

Liam Leathamadán:

  • Bhí mé ag imirt peile an tráthnóna sin.
  • Chuaigh mé síos ag an ollmhargadh ag 20.30 ach bhí sé dúnta.
  • Theastaigh uaim cúpla rud a cheannach agus sóinseáil a fháil ar an nóta €50 a bhí agam.
  • Ní fhaca mé aon duine ann.
  • Tá gruaig fhada orm féin agus mo chailín.
  • Chonaic mé an carr dóite an mhaidin dár gcionn agus mé ag dul ag mo chluiche peile.

Cé a rinne é?

Cliceáil anseo

Fág freagra ar 'Meascán Mearaí 05 – Cé a rinne é? (Cartlann 2017)'