Meáníocaíochtaí na Roinne faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge tite beagnach 25% ó 2009

Tháinig méadú i mbliana ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar chúrsaí i ngach ceantar Gaeltachta ach amháin i gContaetha na Mí agus an Chláir

Meáníocaíochtaí na Roinne faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge tite beagnach 25% ó 2009

Coláiste samhradh

Tá an méid airgid a íocann Roinn na Gaeltachta in aghaidh an scoláire faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge tite beagnach 25% ó bhí an bhliain 2009 ann.

Chaith an Roinn €5,593,458.05 ar an scéim sa bhliain sin, nuair a d’fhreastail 27,586 scoláire Gaeilge ar chúrsa Gaeilge agus iad ar iostas le teaghlaigh Ghaeltachta, i mbrúnna sa Ghaeltacht agus i dtrí cinn de choláistí cónaithe taobh amuigh den Ghaeltacht.

Sa bhliain 2009, ba é an meándeontas a d’íoctaí in aghaidh an scoláire ná €202.76 ach faoin mbliain seo, 2015, bhí titim 23% ar an meándeontas sin. €156.54 a íocadh ar an meán in aghaidh an scoláire i 2015. Thit líon na scoláirí a d’fhreastail ar chúrsa Gaeilge 15% ó 27,586 go 23,385 le linn na tréimhse céanna.

Tá os cionn €2 mhilliún in aghaidh na bliana á shábháil i gcaiteachas an Stáit de thoradh ar an laghdú seo ar an íocaíocht faoin scéim agus an laghdú ar fhigiúirí freastail na gcúrsaí Gaeltachta.

De réir figiúirí nua a fuair an Teachta Dála Éamon Ó Cuív (FF) sa Dáil, tá ardú beag tagtha ar líon na scoláirí ar chúrsaí Gaeltachta le hais na bliana anuraidh agus arú anuraidh.

Thit lion na ndaltaí a d’fhreastail ar chúrsaí Gaeltachta i gceantair Ghaeltachta Chiarraí, Chorcaí agus na nDéise go leanúnach ó 6,101 sa bhliain 2008 go 3,116 i 2014 agus titim níos mó ná aon trian a bhí i gceist i nGaeltacht Thír Chonaill le linn na tréimhse céanna.

Cé go raibh laghdú ann i nGaeltacht na Gaillimhe i 2014 ní raibh sé go baileach chomh holc céanna is a bhí i gceantair eile. Is chuig coláistí i nGaeltacht Chonamara a chuaigh duine as gach beirt scoláirí ar chúrsa Gaeilge i 2014. Ní raibh de cheantair a raibh méadú ar líon na scoláirí iontu anuraidh ach Gaeltacht na Mí agus Gaeltacht Mhaigh Eo.

Tháinig méadú i mbliana ar líon na scoláirí a d’fhreastail ar chúrsaí i ngach ceantar Gaeltachta ach amháin i gContaetha na Mí agus an Chláir. Thit líon na scoláirí i gContae an Chláir 82% ó anuraidh. D’fhreastail 174 ar chúrsaí sa cheantar anuraidh ach ní raibh ach 32 dalta ann i mbliana.

Ní raibh an titim chomh tubaisteach céanna ar chor ar bith i gContae na Mí, áit ar thit an líon ó 345 anuraidh go 344 i mbliana. Ba i dTír Chonaill a bhí an méadú ba mhó ar líon na scoláirí i mbliana – d’fhreastail 866 níos mó ar chúrsaí ansin i mbliana ná mar a d’fhreastail anuraidh.

In ainneoin an fháis seo le bliain anuas, is mór an titim atá ann idir 2009 agus 2015. Is é ceantar Ghaeltacht na Mí an t-aon cheantar sa tír a bhfuil méadú tagtha ar líon na scoláirí ann ar chúrsaí Gaeltachta ón mbliain 2009.