Más aon chomhartha í an stair, tá oíche chrua i ndán do Chiarraí

Níl ach cluiche sraithe amháin buaite ag na Ciarraígh in aghaidh Mhaigh Eo ó 2011

Más aon chomhartha í an stair, tá oíche chrua i ndán do Chiarraí

Lee Keegan le Killian Young agus Paul Murphy timpeall air. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Maigh Eo v Ciarraí,
Páirc Mhic Éil,
19.00 (Iarbheo ar eir)

Casfaidh na foirne uile a thug aghaidh ar a chéile i gcluichí leathcheannais peile na hÉireann anuraidh ar a chéile arís i mBabhta 2 na sraithe anocht. Beidh Baile Átha Cliath ag taisteal go dtí An Ómaigh chun cath a chur ar Thír Eoghain agus beidh imreoirí Chiarraí ag dul chun páirce i bPáirc Mhic Éil in aghaidh Mhaigh Eo.

Níl ag éirí rómhaith le Ciarraí in aghaidh fhoireann Mhaigh Eo le roinnt blianta. Naoi n-uaire a chas na foirne seo ar a chéile ó 2012 agus níor éirigh le fir na ríochta ach dhá chluiche díobh sin a bhuachan, athimirt chluiche leathcheannais na hÉireann 2014, agus cluiche sraithe i gCaisleán an Bharraigh dhá bhliain ó shin.

Agus iad ag ullmhú don chluiche seo, bhí  údar ag Fitzmaurice a bheith buíoch de Dháithí Casey, a d’aimsigh an scór cinniúnach in aghaidh Dhún na nGall Dé Domhnaigh seo caite, agus taispeántas lag ó thaobh na cosanta tugtha uathu ag Ciarraí.

Chuir Fitzmaurice foireann óg chun páirce in aghaidh na gConallach ach tá cluichí imeartha ag David Clifford, Seán O’Shea, Jason Foley, Gavin Crowley agus Ronan Shanahan t i gCorn Mhic Shigiúir le seachtain anuas agus beidh athruithe ag teastáil dá bharr.

Painéal níos sine atá ag Stephen Rochford, rud a fhágann nach gcuireann na comórtais tríú leibhéal isteach chomh mór céanna air ach tá gortuithe fós ag cur as do chuid dá chuid imreoirí agus amhras ann an mbeidh fáil aige ar Colm Boyle nó Jason Doherty, beirt a bhí ar fheabhas sna cluichí craoibhe in aghaidh Chiarraí mí Lúnasa seo caite.

Ó tharla nach bhfuil mórán feicthe againn de na foirne seo go fóill i mbliana, tá sé deacair na buaiteoirí a thuar, ach b’fhéidir go dtabharfaidh  an lucht leanúna i bPáirc Mhic Éil an buntáiste don fhoireann baile.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

Fág freagra ar 'Más aon chomhartha í an stair, tá oíche chrua i ndán do Chiarraí'