Macallaí de scéal Harvey Weinstein i gclár faisnéise slachtmhar ar TG4

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Bhí scéal suimiúil agus tráthúil le hinsint ag Constance Smith – Tragóid Hollywood

Macallaí de scéal Harvey Weinstein i gclár faisnéise slachtmhar ar TG4

Scéal faoi réaltóg a ligeadh i ndearmad agus, ag an am céanna, cuntas ar bhean thruamhéalach ar scriosadh a cuid aislingí is í ag seasamh ar chiumhais na mór-cháile, a bhí againn sa scannán faisnéise slachtmhar Constance Smith – Tragóid Hollywood (TG4, Dé Céadaoin).

Agus meitheal mhór de chloigne cainte ár dtreorú tugadh éachtaint ar shaol agus saothar Constance Smith; aisteoir dathúil a chuir di srathair na hainnise agus an bhochtanais anseo in Éirinn le tabhairt faoi chnoic fhéaracha na haisteoireachta i Londain agus Los Angeles.

Labhair Fionnuala Flanagan go deisbhéalach as Gaeilge agus bhíos tógtha chomh maith le hionchur Patrick Bergin agus leasdeirfiúr Constance, Noeleen Logan. Mar is dual do shaothair mar seo ar TG4, ag labhairt as Béarla a bhí formhór na gcloigne cainte agus fágadh faoi Shéamas Ó Maitiú agus Mícheál Ó hAodha an toise Gaeilge a sholáthar, cúram a deineadh go hábalta.

Ní nach ionadh cuireadh tús leis an gclár faisnéise uair an chloig le seat aeir de chomhartha cáiliúil Hollywood agus i ndiaidh réamhrá gairid faoi shaol Constance tugadh ar ais go Luimneach sinn, áit a rugadh í i ndeireadh na 1920idí.  Bhog an teaghlach go Raghnallach nuair a bhí sí óg agus chuireadar fúthu in Mount Pleasant Buildings, áit a bhí ‘dog rough’ dar le Lee Dunne, duine dá comharsana.  Ba í Constance an té ba shine de chúigear clainne agus b’éigean di cúram a dhéanamh don chuid eile nuair a cailleadh a n-athair nuair nach raibh sí féin ach cúig bliana déag. Deineadh trácht ar an ngaol achrannach a bhí aici lena máthair; bean theasaí, dhian a bhí luite leis an ól. Cuireadh abhaile orainn gur thug Constance cuid de na tréithe céanna léi agus gurb iad, ar a seal, a chosain agus a threascair í. 

In ainneoin ghairbhe a háite cónaithe ba iad muintir Mount Pleasant Buildings a bhailigh timpeall uirthi nuair a chuir sí isteach ar chomórtas leathchúpla; comórtas a raibh triail scáileáin mar dhuais leis.  Nuair a d’éirigh léi, measadh go raibh a cóta bán déanta agus tháinig an tuar faoin tairngreacht sin, go pointe.

Tar éis tréimhse i Londain thug sí aghaidh ar Hollywood mar ar éirigh lé rólanna scannáin a ghnóthú taobh le Richard Widmark, Jack Palance, Cornel Wilde agus Tyrone Power. Bhíothas ag maíomh go leanfadh sí lorg Marueen O’Hara. Go deimhin ba í a d’fhógair duine de na buaiteoirí ag Gradaim Oscar in 1952. “That’s heavy stuff when you’re living in a fucking slum,” a deir Dunne agus é ag tagairt don tslí ar ghlac muintir Mount Pleasant le cáil Constance.

Ní mar a shíltear a bítear agus bhí an tíoránach agus “horndog” Darryl F. Zanuck  sa tslí uirthi. Ba é an ceann feadhna ar 20th Century Fox, an comhlacht a raibh conradh seacht mbliana aici leo. Baineann a chuid iompar siúd macalla nach beag as iompar Harvey Weinstein. Níor chuir Flanagan fiacail ann is í ag trácht ar an gciapadh a deineadh ar aisteoirí ban.  An chumhacht ag feidhmiú mar afraidíseach ag boic mhóra na scannánaíochta agus níor leasc leo an chumhacht sin a úsáid lena mianta collaíochta a shásamh.

Ba bhean theasaí, neamhspleách í Constance agus thug sí an t-eiteach dó; rud a chuir a gairm bheatha ar bóiléagar. Lena chois sin chuir an comhlacht brú uirthi ginmhilleadh a fháil nuair a d’éirigh sí torrach lena céad fhear céile.

De réir a chéile thosaigh an tóin ag titim as a saol go hiomlán; chlis ar thrí phósadh dá cuid, dhein sí iarracht an duine deireanach a phós sí a shá cúpla babhta agus chaith sí tréimhsí i bpríosúin agus ospidéil shíciatracha.

Scéal suimiúil agus tráthúil ar a bhealach féin.

Fág freagra ar 'Macallaí de scéal Harvey Weinstein i gclár faisnéise slachtmhar ar TG4'