Leithscéal gafa faoi shiollabas gnéasoideachais nua a fhoilsiú i mBéarla amháin

Deir an NCCA gur moill ar chúrsaí aistriúcháin a d’fhág nár foilsíodh ag an am céanna leagan Gaeilge agus leagan Béarla den dhréachtchuraclam nua, Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte

Leithscéal gafa faoi shiollabas gnéasoideachais nua a fhoilsiú i mBéarla amháin

I mBéarla amháin atá dréachtsiollabas nua don ghnéasoideachais foilsithe.

Ghabh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta leithscéal as gan aon leagan Gaeilge a chur ar fáil inné den dréachtchuraclam Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte don tsraith shinsearach.

Dúradh gur moill ar chúrsaí aistriúcháin ba chúis le gan aon leagan Gaeilge a bheith ar fáil agus go rabhthas ag súil go mbeadh an t-aistriúchán ar fáil an tseachtain seo chugainn.

Tá comhairliúchán poiblí tosaithe faoi na moltaí nua seo don tsraith shinsearach agus é mar sprioc go mbeadh an clár nua á theagasc i scoileanna faoi Mheán Fómhair 2024.

Dúirt urlabhraí ón CNCM le Tuairisc nár éirigh leis an gcomhairle leagan Gaeilge den dréacht a fhoilsiú ag an am céanna leis an leagan Béarla mar gheall go raibh “moill shuntasach ann maidir le hábhar a aistriú”.

Bhain an mhoill sin le daoine a bheith ar saoire i láthair na huaire, a dúradh.

Dúirt an t-urlabhraí go nglacann an CNCM “go dáiríre” lena dualgais ó thaobh na teanga agus go ndéanann siad a ndícheall “i gcónaí” ábhar a fhoilsiú i nGaeilge agus i mBéarla ag an am céanna. Táthar ag súil go mbeidh an t-aistriúchán Gaeilge ar fáil an tseachtain seo chugainn agus gabhadh leithscéal as an moill.

“Tá an t-aistriúchán ar Dhréachtchuraclam OSPS na Sraithe Sinsearaí ina thosaíocht ag CNCM agus dúradh linn go mbeidh sé ar fáil le foilsiú go luath an tseachtain seo chugainn,” a dúirt urlabhraí an CNCM.

“Tá brón orainn nach rabhamar in ann é a fhoilsiú sa dá theanga inniu [Dé Céadaoin]. Beidh an obair seo ina tosaíocht dúinn ionas go mbeimid in ann an dréachtchuraclam as Gaeilge a fhoilsiú an tseachtain seo chugainn.

“Beidh an comhairliúchán ar siúl go dtí an 18 Deireadh Fómhair agus tá súil agam go dtabharfaidh sé seo deis do gach duine ar mhaith leo freagra a thabhairt i nGaeilge nó i mBéarla é seo a dhéanamh.”

Beidh trí ghné sa gclár nua. Díreoidh an chéad ghné, Sláinte agus Folláine, ar an tsláinte fhisiciúil, intinne, shóisialta agus mhothúchánach.

Caidrimh agus gnéasacht an dara gné agus cuirfear an bhéim sa gcuid seo ar a fhoghlaim conas caidrimh lácha, mheasúla, agus fholláine a chruthú agus a chothú.

Ag tabhairt faoin saol fásta an téama sa tríú gné mar a mbeifear ag spreagadh na ndaoine óga chun scileanna éagsúla a fhorbairt.

Ar na scileanna sin beidh tuiscint ar a stádas agus a bhfreagrachtaí dlíthiúla agus conas cuidiú le daoine a bhfuil leithcheal nó éagothroime á dhéanamh orthu.

Mar chuid den mhír ar Chaidrimh agus Gnéasacht, beifear ag súil go ndéanfaidh daltaí sa gcúigiú agus sa séú bliain iarbhunscoile “plé ar an ngníomhaíocht ghnéasach mar chuid de chaidrimh an duine fhásta arb iad an cúram, an meas, an toil, an caidreamh collaí agus pléisiúr a thabhairt dá chéile a chomharthaí sóirt”.

Deir an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta [NCCA] go ndearnadh an dréachtchlár a dhearadh sa gcaoi agus go “gcuimseodh sé gach inscne, gach gnéasacht, gach creideamh, gach aicme shóisialta agus gach cineál cumais nó míchumais”.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa faoi shiollabas gnéasoideachais nua a fhoilsiú i mBéarla amháin'

  • Siobhán

    An seanphort céanna ag an NCCA. Béarlóirí gan pioc scrupail. Scriosadóirí na Gaeilge.