Tá leithscéal gafa ag comhairleoir cathrach de chuid Pháirtí Náisiúnta na hAlban as an gconspóid a chothaigh ráiteas a rinne sé a measadh a bheith frithShasanach.
Thagair Dave Doogan, atá ina chomhairleoir cathrach i bPeairt agus Ceann Rois i lár na hAlban, do “na Cótaí Dearga” agus do “quislings” agus é i mbun díospóireachta faoin nGàidhlig sa chomhairle.
Tá leithscéal gafa ag Doogan faoin achrann a chothaigh a chuid cainte ach níl an chaint sin tarraingthe siar aige. Ghabh sé leithscéal le hoifigigh na comhairle as “ualach breise oibre” agus “drochphoiblíocht” a tharraingt ar an gcomhairle.
“Let us not reflect on concerns that we have been under the heel of foreign influence and power for over 300 years.
“The island of Britain is no longer subject to the actions of quislings who may seek to see smaller cultures extinguished on an island of coffins by red coats,” a dúirt Doogan agus é ag tacú i nGàidhlig le rún a phléigh an Chomhairle i mí Feabhra.
Chuir Doogan leagan Béarla dá óráid ar fáil do na meáin Bhéarla go gairid i ndiaidh an chruinnithe sin agus bhí conspóid ann nuair a foilsíodh tuairiscí go leor bunaithe ar an leagan sin.
Dúirt an Comhairleoir, agus leithscéal á ghabháil aige faoin gconspóid sin, gur athraíodh comhthéacs a óráide agus na tagairtí stairiúla a bhí ann sna tuairiscí a foilsíodh agus gur cuireadh isteach ar oifigigh na comhairle agus gur cuireadh “ualach breise oibre” orthu dá bharr.
“Tuigim nach fiú dom iarrachtaí a dhéanamh an scéal a cuireadh amach sna meáin a chur ina cheart. Ach ar aon chuma, is ceist í seo a bhaineann leis an gComhairle amháin agus seo í an chéad deis a bhí agam mo sheasamh a shoiléiriú don Chomhairle.
“Tharraing an óráid a rinne mé ag an gcruinniú deiridh, in ainneoin a láiche is a bhí mo rún féin, drochphoiblíocht ar an gcomhairle agus chuir sé sin ualach breise oibre ar na hoifigigh. Sa chomhthéacs sin, ba mhaith liom leithscéal a ghabháil,” a dúirt Doogan.
Rinne comhairleoir eile, Ian Campbell ó na Caomhaigh, iarracht iachall a chur ar Doogan leithscéal a ghabháil le “muintir uile Pheairt agus Cheann Rois” ach níor glacadh leis an rún sin. Mhaígh sé nach raibh aon bhaint ag an óráid a rinne Doogan mí Feabhra leis an díospóireacht faoin nGaeilge a bhí ar bun agus nár cheart dó ‘cótaí dearga’ agus ‘quislings’ a thabhairt ar chomhairleoirí a rugadh i Sasana.
Chuir cathaoirleach na comhairle, Liz Grant, deireadh lena chuid cainte, áfach, agus dúirt sí gur ghlac sí, thar ceann na comhairle, leis an leithscéal a ghabh Doogan.
Tá éilithe ag Campbell anois go ndéanfaí ordú seasta sa Chomhairle go gcuirfí aistriúchán ar fáil i gcónaí in éineacht le ráiteas a dhéanfaí in aon teanga nach í an Béarla í.
Cháin ceannaire an SNP, Nicola Sturgeon, Doogan mar gheall ar an óráid níos luaithe i mbliana.
“Cáinim aon ráiteas in aon teanga, is cuma cé a dúirt, atá ciníoch nó frithShasanach, ar bhealach ar bith, nó a dheighleann daoine óna chéile bunaithe ar eitneachas.
“Ní chuige sin atá mo pháirtí ná an ghluaiseacht lena mbainim agus ní sheasann siad dó sin. Is ag an SNP, agus ag gluaiseacht na saoirse in Albain, atá an glór is láidre ar son na héagsúlachta, na caoinfhulaingthe, agus na saoirse gluaiseachta sa Ríocht Aontaithe faoi láthair,” a dúirt sí.
Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag comhairleoir ón SNP a labhair faoi ‘quislings’ agus ‘cótaí dearga’ le linn díospóireacht faoin nGaeilge'