LÉIRMHEAS: Ag ionsaí, ag séanadh agus ag maíomh an bhua

Tugann ‘The Apprentice’ léargas ar fhorás phearsantacht nimhneach chasta Donald Trump

LÉIRMHEAS: Ag ionsaí, ag séanadh agus ag maíomh an bhua

Stiúrthóir: Ali Abbasi

Cliar: Sebastian Stan, Jeremy Strong, Maria Bakalova, Martin Donovan, Catherine McNally

Seachtain ó Dé Máirt seo chugainn beidh na Meiriceánaigh ag tabhairt faoi na botháin vótála le vóta a chaitheamh i dtoghchán Uachtaránachta Mheiriceá; ceann de na toghcháin is cinniúnaí riamh. Tá, mar sin, tráthúlacht thar na bearta ag baint leis an saothar seo a thugann éachtaint ar Trump ag teacht in inmhe mar fhorbróir sna seachtóidí luatha agus as sin go dtí lár na n-ochtóidí. Ba chinneadh stuama é dar liom díriú ar thréimhse chinniúnach faoi leith ina shaol seachas an iomarca a bheith idir lámha.

Cé nach bhfuil léamh The Apprentice (a fuair tacaíocht ó Fís Éireann) chomh diúltach is a d’fhéadfadh sé a bheith is léamh diúltach é mar sin féin. Ní nach ionadh, ní thaitníonn sin leis féin. Gan amhras tá an séanadh agus an t-ionsaí lárnach ina fhreagraí i leith an scannáin.

Go deimhin sin dhá cheann de na rialacha a mhúin a mheantóir Roy Cohn (Strong) dó na blianta siar: ionsaigh gach duine, séan gach rud agus déan an bua a mhaíomh i gcónaí. Ní haon iontas gur printíseach teideal an scannáin mar go bhfuil an tionchar a bhí ag an dlíodóir míchlúiteach úd ar Trump ina théama lárnach sa saothar.

I dtosach an scannáin címid é mar fhear óg (á léiriú ag Stan) atá faoi bhois cait ag a athair; fear gnó tiarnúil, tíoránach. Samhail d’athair a bhí in Cohn don fhear leathshaonta seo arbh fhuirste dul i bhfeidhm air. É uaillmhianach, ach saonta.

Bhí Fred Trump gafa le gnáththionscnaimh thógála, cosúil le Trump Village ar Oileán Coney. Bhí fís eile ar fad ag Trump; Manhattan a chur ar a bhonnaibh arís. Chuige sin bhí sé ag iarraidh athchóiriú mór a dhéanamh ar Óstán an Commodore. An fhadhb ná go raibh an chathair in umar na haimléise; báite i bhfiacha, cuma na hainnise uirthi agus an choiriúlacht go rábach.

Déantar an chathair ghránna úd a chur ina steillbheatha os ár gcomhair. Déantar an scannánaíocht i stíl ghráinneach, stíl a mheabhraíonn scannánaíocht na tréimhse dúinn agus fágann sin gur féidir an t-ábhar cartlainne a chniotáil isteach go héifeachtach.

Bíonn, le cabhair Cohn, rath thar na bearta ar thionscnaimh Trump agus is de réir a chéile a chímid Trump ag éirí níos gránna, níos sotalaí. Fuath ban, mustar, cur i gcéill, neamhaird ar fhíricí agus é ag ceapadh go bhfuil sé féin dochloíte. Sroicheann an ghránnacht seo buaic le radharc éignithe ná cuireann fiacail ann.

Téitear thar fóir beagáinín anseo le nithe áirithe; é de shíor ag plé lena chuid gruaige, an mana faoi “Make America Great Again”, agus Cohn ag maíomh gur cheart aon rud a dhéanamh le daonlathas Mheiriceá a chosaint.

Tá Stan nótálta sa ról agus tá caint ar Oscar cheana féin. Éiríonn leis an fear a chur os ár gcomhair ar shlí inaitheanta gan dul i muinín na haithriseoireachta. Tá Strong é féin ar fheabhas mar an lúbaire glic, sleamhain, cruálach, neamhthrócaireach. Is cuma é ach an bua a fháil. Alltacht air ar deireadh thiar faoin arrachtach atá cruthaithe aige.

Léargas cumasach ar fhorás phearsantacht nimhneach chasta Donald Trump.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Ag ionsaí, ag séanadh agus ag maíomh an bhua'