Leas á bhaint ag an Rúis as an ngás chun ‘dúmhál’ a dhéanamh ar an Eoraip – von der Leyen

D’fhógair an t-ollchomhlacht fuinnimh Gazprom go raibh stop á chur lena sholáthar gáis don Pholainn agus don Bhulgáir

Leas á bhaint ag an Rúis as an ngás chun ‘dúmhál’ a dhéanamh ar an Eoraip – von der Leyen

Iarracht “dúmhál” a dhéanamh ar an Eoraip a bhí i gcinneadh na Rúise stop a chur le soláthar gáis don Pholainn agus don Bhulgáir, a deir Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. 

D’fhógair an t-ollchomhlacht fuinnimh Gazprom go raibh stop a chur lena sholáthar gáis don dá thír mar gur dhiúltaigh siad díol as i rúbail.

Dúirt von der Leyen gur “iarracht eile fós” a bhí ann ón Rúis leas a bhaint as an ngás ar mhaithe le dúmhál a dhéanamh agus brú a chur ar thíortha eile gan a bheith ag tacú leis an Úcráin sa chogadh.  

Tá cruinnithe éigeandála faoin scéal ar siúl ag an AE.

“Níl aon údar leis seo agus ní féidir glacadh leis. Agus léiríonn sé arís nach féidir brath ar an Rúis mar sholáthraí gáis,” arsa Uachtarán na Choimisiúin Eorpaigh.

Dúirt sí go raibh an tAontas Eorpach réidh dona leithéid de ghníomh ón Rúis agus go raibh pleananna éagsúla ullamh acu. 

Deir údaráis na Bulgáire gur sárú ar chonradh a bhí i gceist le hiompar Gazprom agus dúirt an Pholainn go mbeidís in ann déileáil leis an scéal. 

Idir an dá linn, meastar go bhfuil dul chun cinn mall á dhéanamh ag an Rúis ina ionsaí talún ar na Úcráin. 

Mhaígh an Rúis chomh maith gur éirigh leo stór arm i gceantar Zaporizhzhia a bhualadh le diúracáin agus gur scriosadh airm a thug Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Eoraip don Úcráin. 

Mhaígh an Rúis gur buaileadh 59 sprioc mhíleata san Úcráin aréir. 

Dúirt Mykhailo Podolyak, comhairleoir de chuid Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky, gur ‘karma’ a bhí i gceist leis na pléascanna a chualathas i dtrí cheantair sa Rúis atá buailte leis an Úcráin.

Ní dúirt sé cé acu an raibh nó nach raibh an Úcráin freagrach as na pléascanna. 

Fág freagra ar 'Leas á bhaint ag an Rúis as an ngás chun ‘dúmhál’ a dhéanamh ar an Eoraip – von der Leyen'

  • Eoin Ó Murchú

    Mura n-íocaim mo bhille gáis baineann an comhlacht gás an soláthar díom. Nach é sin atá déanta ag an Rúis i dtaobh na Polainne is na Bulgáire?