Joe Biden dearbhaithe ag Teach na Comhdhála i ndiaidh an ruathair ar an gCaipeatól

Agus é fós ag maíomh gur ‘goideadh’ an toghchán, deir an tUachtarán Donald Trump go mbeidh gach rud in ord agus in eagar agus an tUachtarán nua á insealbhú

Joe Biden dearbhaithe ag Teach na Comhdhála i ndiaidh an ruathair ar an gCaipeatól

Leasuachtarán SAM Mike Pence agus tús á chur athuair aige le dearbhú Joe Biden mar an chéad Uachtarán eile

Tá an tUachtarán tofa, Joe Biden dearbhaithe ag Teach na Comhdhála i Meiriceá mar an chéad Uachtarán eile ar na Stáit Aontaithe.

Rinneadh amhlaidh cúpla uair an chloig tar éis do dhrong de lucht tacaíochta an Uachtaráin Trump ruathar a thabhairt faoin gCaipeatól agus seilbh a ghlacadh air.

Dhiúltaigh an Seanad agus Teach na nIonadaithe do dhá agóid i gcoinne an teailí agus dhearbhaigh siad vóta deiridh an Choláiste Toghcháin – 306 vóta ag Joe Biden agus 232 vóta ag Donald Trump.

Cuireadh isteach ar an bpróiseas dearbhaithe aréir nuair a thug lucht tacaíochta Trump, agus cuid acu faoi arm, ruathar faoin gCaipeatól ionas gurbh éigean an áit a chur faoi ghlas.

Aréir an chéad uair ó 1814 ar éirigh le lucht léigir seilbh a ghlacadh ar an gCaipeatól.

Ní raibh an áit ach 14 bliain tógtha nuair a thriail arm Shasana an foirgneamh a dhó in 1814. Rinne an dóiteán scrios ar an bhfoirgneamh ach shábháil díle bháistí cuid de.

Dhiúltaigh an tUachtarán Trump na léirsithe foréigneacha a cháineadh agus tá sé fós ag spreagadh a lucht tacaíochta agus é ag maíomh gan aon fhianaise gur goideadh an toghchán.

Bhí an port sin fós aige i roinnt tvuíteanna aréir. D’iarr an tUachtarán Trump ar a lucht tacaíochta trodach a ghabháil abhaile ach ag an am céanna dúirt sé gur goideadh an toghchán. Dúirt sé ina dhiaidh sin go mbeadh gach rud in ord agus in eagar agus an tUachtarán nua á insealbhú.

“Cé nach n-aontaím beag ná mór le toradh an toghcháin, agus go gcruthaíonn na fíricí go bhfuil an ceart agam, mar sin féin beidh gach rud in ord agus in eagar agus tús á chur le ré an Uachtaráin nua ar an 20 Eanáir,” a dúirt an tUachtarán i ráiteas a d’eisigh sé.

Mharaigh urchar póilín bean a bhí ag an gCaipeatól aréir agus fuair triúr eile bás de bharr “éigeandálaí sláinte” a deir na póilíní.

Rinne oifigigh shlándála an troscán a charnadh in aghaidh an dorais i seomra na Comhdhála agus bhí a gcuid piostal i bhfearas acu. Chuidigh siad leis na polaiteoirí agus na hoibrithe eile éalú.

Nuair a bhí an foréigean thart, chruinnigh na feisirí le chéile arís agus dhearbhaigh siad go raibh toghchán na huachtaránachta buaite ag Joe Biden.

Fós féin bhí roinnt Poblachtánach ag iarraidh an toradh i roinnt stát a chur ar ceal ach ní raibh dóthain tacaíochta le fáil acu.

Ina dhiaidh sin a d’eisigh Trump an ráiteas go mbeadh an t-aistriú cumhachta mar is cuí ar an 20 Eanáir.

Tamall gearr roimh a 4.00 aréir, am Mheiriceá, dhearbhaigh an Leas-Uachtarán Mike Pence gurb é Joe Biden a bhuaigh toghchán na hUachtaránachta.

Agus é ag tabhairt an tionóil i gceann a chéile arís tar éis an ruathair a rinne lucht tacaíochta Trump ar an áit, dúirt Mike Pence, “Sibhse a rinne slad inár gCaipeatól inniu, níor bhuaigh sibh. Ní bhíonn an lá riamh leis an bhforéigean. Is leis an tsaoirse a bhíonn an lá agus is é seo teach an phobail i gcónaí.”

Dúirt Joe Biden gur “éirí amach” a bhí san ionsaí agus go raibh sé soiléir cé air a bhí an milleán.

“Nuair is fearr iad, inspioráid a bhíonn i bhfocail Uachtaráin. Nuair is measa iad, is saighdeadh a bhíonn iontu,” a dúirt Biden.

Dúirt an t-iarUachtarán Barack Obama gur “tráth easonóra agus náire dár náisiún” ab ea an foréigean agus gurbh é Trump a spreag é.

“Bheimis ag cur dallamullóg orainn féin dá mbeimis ag déanamh amach gur aniar aduaidh ar fad orainn a tháinig sé,” a dúirt Obama. Tá an tUachtarán Trump “ag bréagadóireacht leis gan stad faoi thoradh toghchán dleathach”, a dúirt Obama.

Dúirt an t-iarUachtarán George W Bush: “Is mar sin a bhítear ag troid faoi thorthaí toghcháin i mbananaphoblacht, seachas i bpoblacht dhaonlathach mar atá againne.”

Bhí dea-scéala ag na Daonlathaigh inné nuair a d’éirigh leo beirt Seanadóirí a thoghadh in Georgia, rud a thugann ceannas dóibh sa Seanad.

Fág freagra ar 'Joe Biden dearbhaithe ag Teach na Comhdhála i ndiaidh an ruathair ar an gCaipeatól'