Nocht na círéibeacha an tseachtain seo caite cé chomh gann ar fhoireann is atá an PSNI. B’éigean cabhair a iarraidh ar phóilíní sa Bhreatain Mhór cé nach raibh an réabadh ar na sráideanna chomh forleathan is a bhíodh san am atá thart. Bhí na círéibeacha ciníocha ar an mBaile Meánach, Latharna agus Port an Dúnáin gránna, mar a bhí na círéibeacha seicteacha i nDoire ag tús na seachtaine seo ach ba cheart go mbeadh an tseirbhís póilíneachta in acmhainn déileáil leo.
Tráth a bhfuil líon na foirne tite faoi bhun an riachtanais tá aird á díriú ar oiread ionsaithe is a dhéantar ar phóilíní agus a éifeacht sin ar an tseirbhís atáthar in ann a chur ar fáil don phobal. Maíonn ceardchumann go dtuairiscíonn naonúr póilín in aghaidh an lae gur ionsaíodh iad. Maítear gur dócha go bhfuil líon na n-ionsaithe níos airde ná sin ach fiú mura bhfuil is scanrúil an lánsuim í – os cionn 3,000. Luíonn sé le réasún go mbíonn tionchar ag an drochíde sin ar an méid póilíní atá ar fáil don dualgas laethúil.
Is fada an Príomh-Chonstábla Jon Boutcher ag gearán faoi easnaimh ar an mbuiséad póilíneachta. 6,300 ball foirne a bhí ag an PSNI cúpla mí ó shin, timpeall 2,000 níos isle ná mar is gá do dhaonra gar do dhá mhilliún sa mhullach ar iarmhairtí na dTrioblóidí. Dúirt Jon Boutcher go raibh an líon íseal póilíní “gan fasach agus contúirteach”. Ní fhéadfadh sé barántas a thabhairt go mbeidís in ann an pobal a choinneáil slán san éigeandáil.
Díol suntais ab ea é le tamall go mbíonn líon ard oifigeach as láthair, ar shaoire tinnis. Tá a fhios nach dtógann gach duine a fhulaingíonn ionsaí saoire bhreoiteachta agus go bhfilleann roinnt ar an obair roimh an sprioc a thugann dochtúir dóibh. Tá iliomad cúiseanna leis an titim ar líon na foirne mar atá ráite sa cholún seo go minic, easpa maoinithe a chuireann srian ar earcaíocht, bagairt ar Chaitlicigh ó easaontóirí poblachtánacha, cultúr conspóideach sa tseirbhís, easpa muiníne i measc an phobail agus tuarastal íseal.
Gortaíodh 64 póilíní sna círéibeacha ciníocha an tseachtain seo caite agus gortaíodh 14 i nDoire an tseachtain seo nuair a bhris foréigean seicteach amach. I bhfianaise an fhoréigin sin agus na hionsaithe laethúla tá ceardchumann na bpóilíní, an Police Federation NI, ag éileamh go ngearrfadh na cúirteanna breith níos déine ar éinne atá ciontach as fogha a thabhairt faoi phóilín.
Dúirt Cathaoirleach an PFNI gur cheart an dlí a neartú freisin. D’aontaigh an Príomh-Chonstábla nár cheart go mbeadh ar oifigeach ar bith glacadh leis go mbeadh ionsaí air ina chuid den ghnáthlá.
Thug baill den PSNI, idir mhná agus fhir, cuntas ar ionsaithe a rinneadh orthu, cic sa chloigeann a bhí i gceist go minic. Fágadh an Cigire Róisín Brown gan aithne gan urlabhra nuair a bhuail déagóir a bhí ar meisce í sa chloigeann. D’inis an Sáirsint Mark Young faoi ionsaí a rinneadh air féin agus comhghleacaí mná nuair a gortaíodh iad araon sa cheann. Ciontaíodh na hionsaitheoirí ach orduithe seirbhís pobail a gearradh mar phionós sna cásanna sin. Ag seoladh feachtais ‘Let them Protect’ dúirt an ceardchumann gur fearr a bheadh póilíní in ann fóint ar an bpobal agus coiriúlacht a cheansú dá mbeidís féin slán.
Ní mé an iarsma den sean-naimhdeas do phóilíní ó aimsir an RUC is cionsiocair le hionsaithe a bheith chomh coitianta is atá nó an bhfuil normalú déanta ar fhoréigean i sochaí ina bhfuil fadhbanna nua. Cibé ní is cúis leis tá na hionsaithe ar phóilíní do-ghlactha agus ní díspreagadh ar bith é ordú seirbhíse pobail. Níor mhór stop a chur leo mura mbeadh i gceist ach corrionsaí anseo is ansiúd. Nuair atá na hionsaithe chomh líonmhar is atá, áfach, tá práinn le scéimeanna ilchineálacha chun a dhul i ngleic leis an gcleachtas.
Fág freagra ar 'Is fearr a bheadh póilíní in ann fóint ar an bpobal dá mbeidís féin slán'