Bhí Trá Pháidín as Corcaigh agus Conamara, Súil Amháin agus Robert Mulhern agus Bláth na hÓige i measc na mbuaiteoirí ag Gradaim NÓS 2024 sa Black Box i lár Bhéal Feirste. Bronnadh Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí ar an mbanna Huartan (Pictiúir: John Tracey)
An moltóir Edel Ní Churraoin ag bronnadh gradam ‘Albam Traidisiúnta na Bliana’ ar Shíle Denvir thar ceann Bláth na hÓige
IMLÉ, Cian Mac Cárthaigh, James Shannon, Róisín Seoighe agus Néil Ó Briain, ag cur tús leis an ócáid sa Black Box
Tomaí Ó Conghaile, bunaitheoir NÓS agus fear an tí, ag spreagadh an tslua
An banna beoga Grooveline ar an ardán
Caoimhe Ní Chathail ag bronnadh gradam ‘Ealaín na Bliana’ ar albam Shíle Denvir, Anamnesis
An grúpa trad-tronaic Huartan lena ngradam do ‘Nuatheachtaí na Bliana’, Gradam Rónáin Mhic Aodh
Dónall Mac Giolla Chóill i measc na scléipirí sa Black Box
Rob Mulhern, a bhuaigh ‘Amhrán na Bliana’ le Súil Amháin, ag baint sult as an oíche
Síle Denvir agus í ag glacadh le gradam ‘Ealaín na Bliana’ dá halbam Anamnesis
Caitríona ó Huartan taobh le damhsóirí mistéireacha an bhanna
Cian Mac Cárthaigh, IMLÉ
Rossa Ó Snodaigh a bhí ar stáitse thar ceann a dhearthár, Rónán, a bhuaigh an gradam do ‘Banna/Ceoltóir na Bliana’ in éineacht le Myles O’Reilly
Art Hughes, a léigh amach dán díreach comhaimseartha a scríobh sé faoi Rónán Mac Aodha Bhuí
Fionnuala Nic Aodha Bhuí, iníon Rónáin, a bhí ag Gradaim NÓS chun an gradam atá ainmnithe i ndiaidh a hathar a bhronnadh ar ‘Nuatheachtaí na Bliana’, Huartan
Róisín Seoighe, IMLÉ
Cian an Captaen ó Grooveline
Cuid den slua a bhí i láthair ag Gradaim NÓS sa Black Box
Múlú ó Huartan
James Shannon, IMLÉ
Eagarthóir NÓS, Conor Torbóid, an rapálaí Torby, ar an ardán
IMLÉ
Múlú ag canadh amhrán óna EP, Sásta a bheith anseo
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'Gradaim cheoil NÓS bronnta i mBéal Feirste'