Gearrscannán – ‘Clare sa Spéir’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)

Gníomhaíochtaí bunaithe ar an ngearrscannán 'Clare sa Spéir'

Gearrscannán – ‘Clare sa Spéir’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)

Físeán

Gníomhaíocht 1:

Clare sa Spéir an teideal atá ar an ngearrscannán seo.

Céard is brí leis na focail sin? Breathnaigh ar an gcéad 30 soicind nó mar sin. Ansin, agus tú ag obair le do pháirtí, déan iarracht ábhar/scéal an ghearrscannáin a thuar.

Gníomhaíocht 2 – Meaitseáil:

Gníomhaíocht 3 – Líon na Bearnaí:

Gníomhaíocht 4– Ceisteanna Ginearálta

  1. Céard atá le cloisteáil sa chéad 30 soicind nó mar sin?
  2. Déan cur síos ar na méid atá ag tarlú sa chistin an mhaidin sin?
  3. Cé mhéad duine atá sa teaghlach?
  4. Céard atá an t-athair a dhéanamh?
  5. Ainmnigh an clár teilifíse a thaitníonn le Clare.
  6. Cén churiarracht atá Clare ag iarraidh a shárú?
  7. Céard iad na nithe a thugann Clare léi suas sa chrann?
  8. Cén chaoi a n-éiríonn leis an teaghlach dá huireasa?
  9. Cad iad na rudaí deasa a dhéanann Eoin do Chlare?
  10. Inis i d’fhocail féin cad a tharlaíonn ag deireadh an ghearrscannáin.

Gníomhaíocht 5 – Léirthuiscint, tuairimíocht agus cumadóireacht

Ag obair le do pháirtí déan iarracht na ceisteanna seo a fhreagairt. Ansin is féidir libh bhur gcuid freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Tá codarsnacht ó thaobh na fuaime (agus na físe go deimhin) ag tús an ghearrscannáin, cad í?
  2. Meas tú arbh é sárú na curiarrachta an chúis go ndeachaigh sí suas sa chrann i ndáiríre?
  3. Ag pointe amháin deir Eoin: “Tá do phointe cruthaithe anois agat.” Cad a bhí i gceist aige?
  4. Cén sórt caidrimh atá idir Eoin agus Clare ag tús an ghearrscannáin?
  5. Déanann an cailín óg dearmad ar a lón agus tagann sí ar ais. Céard atá an mháthair ag ceapadh nuair a fheiceann sí an iníon ag filleadh?
  6. Cén sórt caidrimh atá idir Eoin agus Clare ag deireadh an ghearrscannáin? 
  7. Scríobh an cailín óg cuntas ina dialann oíche amháin i rith na n-eachtraí seo. Déan an cuntas sin a scríobh.

Gníomhaíocht 6 – Plé agus Míniú

Déan an méid thíos a léamh agus a phlé leis an duine in aice leat.

  • Gearrscannán é seo faoi theaghlach cathrach comhaimseartha.
  • Is í an iníon is óige an tráchtaire.
  • Tagann athrú iomlán ar atmaisféar an tí, ó cheann argóinteach, glórach, lán le ruaille buaille go ceann síochánta, comhoibritheach.

Clare:

  • Tá frustrachas uirthi faoin gcineál saoil atá á chaitheamh aici.
  • Tá Clare tagtha go pointe géarchéime ina saol.
  • Ag tús an scannáin feictear Clare ag bord na cistine agus an chosúlacht uirthi go bhfuil sí chun pléascadh amach ag gol nó ag screadaíl soicind ar bith.
  • Ar deireadh briseann ar a cuid foighne agus tosaíonn sí ag tabhairt amach.
  • Is léir ón tslí a théann seo i bhfeidhm ar an gcuid eile don teaghlach gur annamh a tharlaíonn sé.
  • Ceapann an tráchtaire go bhfuil sí ag dul as a meabhair agus deir sí gurb í tuairim na gcomharsan go bhfuil sí ag dul tríd an athrú saoil.
  • Is í Clare a dhéanann iarracht comhrá de shaghas éigin a thosú lena fear céile.
  • Tugann seo léargas dúinn ar an tslí nach bhfuil siad ag tarraingt le chéile agus nach bhfuil rudaí mar ba chóir eatarthu.
  • Labhraíonn siad faoi churiarracht a chuaigh isteach i leabhar curiarrachtaí Guinness.
  • Ceapann sise gur gníomh faoi leith é, ceapann seisean gur gníomh buile é.
  • Fanann sí thuas sa chrann ar feadh 32 lá, in ainneoin na drochaimsire agus Coronation Street.
  • Is cuma léi sa deireadh nach bhfuil an churiarracht sáraithe aici agus nach féidir léi é a dhéanamh. Tá rud éigin níos tábhachtaí déanta aici.
  • Tá líon taibhreamh crochta os a cionn ar an gcrann. Fearas de chuid bhundúchasaigh Mheiriceá é a dhéanann scagadh ar do chuid brionglóidí agus nach ligeann isteach ach na cinn dheasa.
  • Tá fear grinn crochta in aice léi chomh maith.

Eoin:

  • Déanann sé neamhaird den ghleo ar fad atá sa chistin ar maidin. Leanann sé air ag léamh an pháipéir.
  • Tagann frustrachas agus cantal air nuair nach dtiocfaidh Clare anuas as an gcrann.
  • Ní mó ná sásta atá sé nuair a chaitheann sé tae a dhéanamh do na páistí.
  • Ceapann sé go dtabharfaidh fonn leithris, Coronation Street nó an drochaimsir anuas í.
  • Tagann cantal air sa teach tábhairne nuair a thugann sé faoi deara go bhfuil muintir an cheantair ag magadh faoi Chlare.
  • Tagann athrú meoin air áfach agus bíonn trua aige di.
  • Ag pointe amháin deir sé: “Tá do phointe cruthaithe anois agat.” Maíonn sé go dtabharfaidh sé níos mó cabhrach agus tacaíochta di.
  • Deir Eoin le Clare go bhfuil sí craiceáilte, ach deir sí leis gurbh é sin an fáth gur phós sé í. An bhfuil athrú tagtha ar mheon Eoin le himeacht na mblianta?
  • Tugann sé teilifís in airde sa chrann leis. Caitheann sé cuid mhaith ama thuas sa chrann le Clare. Tagann feabhas mór ar an gcaidreamh eatarthu.

  Cleasanna na scannánaíochta:

  • Sa chéad radharc feiceann muid radharc de chrann mar aon le ceol agus glór na n-éan. Cruthaíonn seo atmaisféar suaimhneach, síochánta, tuaithe.
  • Athraíonn seo nuair a thagann an radharc sa chistin.
  • Ligeann sí de na soithí titim go tobann, breathnaíonn sí ar an bpáipéar agus deir ‘thuigfinn dhó.’ Breathnaíonn sí amach an fhuinneog go machnamhach
  • Nuair a thagann an iníon óg isteach ón scoil, feiceann sí cosa na máthar ar liobarna ón gcrann. Seat teann atá anseo agus ceapann an lucht féachana, go bhfuil Clare i ndiaidh í féin a chrochadh.

Gníomhaíocht 7 – Súil Siar – Ceisteanna Ilrogha

Fág freagra ar 'Gearrscannán – ‘Clare sa Spéir’ (i gcomhar le TG4.ie/Foghlaim)'