GAILEARÍ: Maigh Cuilinn ag ceiliúradh agus Craobh Chonnacht tugtha leo ag fir na Gaeltachta

D'imir Maigh Cuilinn go cumasach chun an ceann is fearr a fháil ar Thuar Loistreáin as Sligeach i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Chonnacht. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Dessie Conneely, captaen Mhaigh Cuilinn, agus a chomrádaithe ag ceiliúradh tar éis don chumann Craobh Shinsir Peile Chonnacht a bhuachan den chéad uair riamh

 

Fuair Maigh Cuilinn an ceann is fearr ar sheaimpíní Shligigh, Tuar Loistreáin, sa chluiche ceannais a imríodh i Staid an Phiarsaigh i mBóthar na Trá

 

David Wynne agus Owen Gallagher ag tabhairt barróg dá chéile théis an bhua 0-13 in aghaidh 0-6

 

Owen Gallagher ag ceiliúradh i measc an tslua

 

Conor Corcoran le duine dá lucht leanta ag deireadh an chluiche

 

Aidan Claffey ag baint sult as an ngaisce

 

Cúl báire Mhaigh Cuilinn, Andrew Power, lena mhuintir

 

Micheál O’Reilly le duine de lucht tacaíochta Mhaigh Cuilinn

 

Peter Cooke agus ógánaigh an chumainn

 

D’aimsigh Dessie Conneely ceithre phointe ó chiceanna saora sa chéad leath do Mhaigh Cuilinn

 

Cúl báire Thuar Loistreáin, Adam Broe, faoi bhrú ag Micheál O’Reilly sa chéad leath

 

Paul Kelly ag iarraidh éalú ó chosantóirí Thuar Loistreáin

 

Ní raibh Maigh Cuilinn ach pointe chun tosaigh ag leath ama ach mhéadaigh siad an bhearna sa dara leath agus trí phointe scóráilte ag Peter Cooke

 

Bhí Owen Gallagher ina measc siúd a d’aimsigh an sprioc sa dara leath freisin, é faoi bhrú anseo ag Noel Gaughan

 

Eoghan Kelly ar an ionsaí

 

Pointe eile aimsithe ag Tom Clarke do Mhaigh Cuilinn cé go raibh Feidhlim O’Donnell sa tóir air

 

An chéad ghlúin eile ag Maigh Cuilinn ag ceiliúradh leis an gcorn

Fág freagra ar 'GAILEARÍ: Maigh Cuilinn ag ceiliúradh agus Craobh Chonnacht tugtha leo ag fir na Gaeltachta'