Agus an tráchtaire cáiliúil ag ceiliúradh a bhreithlae inniu caitheann Tuairisc.ie súil ar phictiúir éagsúla de laoch na nGael in imeacht na mblianta
Micheál, réalta faisin a linne. Leabharlann RTÉ
Micheál i 1982. Pictiúr: Leabharlann RTÉ
Mícheál i mbun craoltóireachta agus éisteoirí dílse aige ar fud na cruinne. Pictiúr: Leabharlann RTÉ
Micheál i 1998 agus é ag ligean a scíthe roimh an gcéad chluiche eile. Pictiúr: LEON FARRELL/PHOTOCALL IRELAND
Micheál ag cruthú pictiúr den aicsean i bPáirc an Chrócaigh dóibh siúd nach raibh i láthair ag an gcluiche. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Súil an tseabhaic ar an imirt ag rí na gcraoltóirí spóirt. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland
Micheál i mbun tráchtaireachta in 2000 agus a iníon Doireann ag cuidiú leis. Pictiúr: INPHO/Andrew Paton
Preab san aer ar an bhfód beannaithe agus an craoltóir cumasach scafánta ag éirí as a chuid oibre le RTÉ in 2010. Pictiúr:INPHO
Micheál Ó Muircheartaigh agus Dustin an Turcaí ag plé chúrsaí an tsaoil. Pictiúr. Mark Stedman/Photocall Ireland
Micheál leis an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn ag Cóisir Phobal na Gaeilge in Áras an Uachtaráin in 2016. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Tá Micheál an-dílis do Chomórtas Peile na Gaeltachta agus bronnadh gradam ‘Lóchrann’ air as a chuid tacaíochta don Ghaeilge agus don chomórtas. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Micheál ag baint sásamh as Inis Meáin agus as rás Inis Iron Meáin an oileáin. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Micheál Ó Muircheartaigh in 2020 agus Gradam Saoil bronnta air i gCorca Dhuibhne. Dán ceiliúrtha, ‘Tobar Dhuibhne – Plean Teanga Chiarraí’ Thiar’ le Dairena Ní Chinnéide, atá ina lámha aige. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Fear mór con is ea Micheál agus ina theannta sa phictiúr seo in 2020, tá a mhac Éamonn, a gharmhac Tadhg agus Razzle Dazzle George, Razzle Dazzle Ríoga agus an coileán Caoimhe. Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy
Micheál ag clutharú ina ghairdín agus ag tabhairt misneach do dhaoine agus an tír buailte ag paindéim Covid-19. Pictiúr: RTÉ Stills Library
Fág freagra ar 'MICHEÁL Ó MUIRCHEARTAIGH @ 90: Gailearaí laoch na nGael'