GAILEARAÍ: ‘Torthaí na Réabhlóide’ in UCD – ‘Don’t go into town today – there’s a rebellion on!’

Bhí slua mór i láthair ag an chomhdháil idirnáisiúnta idir-institiúideach 'Torthaí na Réabhlóide' a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD. Bhí Seán Ó Mainnín i láthair chomh maith lena cheamara...

Fogra 1916 strap

 

Cathal Billings UCD: "An Ghaeilge agus cluichí Gaelacha i ndiaidh na réabhlóide.
Cathal Billings UCD: “An Ghaeilge agus cluichí Gaelacha i ndiaidh na réabhlóide

‘Don’t go into town today – there’s a rebellion on!’ Sin an chomhairle a cuireadh ar chailín óg amháin le linn Éirí Amach na Cásca. Tá a scéal siúd i measc an illiomaid scéalta a bhfuil fáil orthu i ‘Scéalta Bhaile Átha Cliath 1916’ atá á ndigitiú ag Críostóir Mac Carthaigh agus Jonny Dillon.

Cuireadh cuid de na scéalta sin i láthair ag an chomhdháil idirnáisiúnta idir-institiúideach ‘Torthaí na Réabhlóide’ a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD.

Bhí neart ábhar machnaimh in óráid oscailte Chláraitheoir Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, an Dr Attracta Ní Ailpín, don slua a bhí i láthair i Músaem na bPiarsach tráthnóna Dé hAoine. Thug an tOllamh Jerry White, Cathaoir an Léinn Eorpaigh i gCeanada, léargas úr dúinn ar Mise Éire agus Tine Bheo agus léiríodh an tionchar mór ag scannánaíocht na Sóivéadach ar an ré réabhlóideach scannánaíochta.

Is i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis UCD a lean an chomhdháil Dé Sathairn le taispeántas d’ábhar nua a bhain le Dubhghlas de hÍde, an Piarsach agus Conradh na Gaeilge.

Bunaithe ar an anailís a rinne an Dr Éilis Ní Dhuibhne ar ról na mban i bhforbairt na litríochta is léir go bhfuil sé thar am ligint do scríbhneoireacht na mban teacht in inmhe.

Comdháil chomhoibritheach a bhí anseo agus ionadaithe ó institiúidí náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an gcoiste; Regina Uí Chollatáin agus Meidhbhín Ní Urdáil (COBÁC) Máirín Nic Eoin, Ríona Nic Congáil agus Pádraig Ó Liatháin (Coláiste Phádraig OCÁC), Roisín Ní Ghairbhí (Coláiste Mhuire, Luimneach), Brian Ó Conchubhair (Notre Dame) agus Pádraig Ó Siadhail (Ollscoil Naomh Mhuire, Ceanada). Ghabh an coiste buíochas le Coiste Dheich mBliana na gCuimhneachán UCD, le scéim rialtais ‘An Teanga Bheo’ agus le Coiste Taighde Coláiste Phádraig as an tacaíocht a cuireadh ar fáil.

Máiréad Nic Lochlainn, Pádraig Ó Cearbhaill agus Conchúr Mag Eacháin, ar dheis, Fiontar DCU le Anna Bale, Cnuasach Bhéaloideas Éireann, triú dhuine ar dheis.
Máiréad Nic Lochlainn, Pádraig Ó Cearbhaill agus Conchúr Mag Eacháin, ar dheis, Fiontar DCU le Anna Bale, Cnuasach Bhéaloideas Éireann, triú dhuine ar dheis

 

Lucht freastail na Comdhála ag féachaint ar an taispeántas in Áras Newmann.
Lucht freastail na Comdhála ag féachaint ar an taispeántas in Áras Newmann

 

Taispeántas i Músaem ma bPiarsach, Rathfearnáin.
Taispeántas i Músaem ma bPiarsach, Rathfearnáin

 

Regina Uí Chollatáin le pictiúr de Phádraig Mac Piarais le linn a óige.
Regina Uí Chollatáin le pictiúr de Phádraig Mac Piarais le linn a óige

 

Diarmuid Ó Sé, a sheol an leabhar "Aon don Éigse" leis na heagarthoirí Meidhbhín Ní Úrdail agus Caoimhín Breathnach.
Diarmuid Ó Sé, a sheol an leabhar “Aon don Éigse” leis na heagarthoirí Meidhbhín Ní Úrdail agus Caoimhín Breathnach

 

Caoimhín Mac Giolla Léith ag seoladh leabhar "Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain (Im I&ll).
Caoimhín Mac Giolla Léith ag seoladh an leabhair ‘Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain (I. I&ll)’

 

An Dr Attracta Ní Ailpín agus Máirín Nic Eoin.
An Dr Attracta Ní Ailpín agus Máirín Nic Eoin

 

An Dr Caitríona Ní Chléirichín, Coláiste Phádraig aus Clár Ní Bhuachala, Oifigeach Gaeilge, Bord na Gaeilge, UCD.
An Dr Caitríona Ní Chléirichín, Coláiste Phádraig aus Clár Ní Bhuachala, Oifigeach Gaeilge, Bord na Gaeilge, UCD

 

Jerry White ag freagairt ceisteanna.
Jerry White ag freagairt ceisteanna

 

Aoichainteoir Jerry White, Cathaoir an Léinn Eorpaigh, Ceanada le mír ó Mise Éire.
Aoichainteoir Jerry White, Cathaoir an Léinn Eorpaigh, Ceanada le mír ó Mise Éire

 

An Dr Meidhbhín Ní Úrdail, Ceann na Nua-Ghaeilge UCD agus an Dr Regina Uí Chollatáin, Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, UCD ag tús na comhdhála.
An Dr Meidhbhín Ní Úrdail, Ceann na Nua-Ghaeilge UCD agus an Dr Regina Uí Chollatáin, Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, UCD ag tús na comhdhála

 

Pádraig Ó Macháin, UCC: "Ó dhá cheann na réabhlóide".
Pádraig Ó Macháin, UCC: “Ó dhá cheann na réabhlóide”

 

Fionntán de Brún:"Samhail na hAislinge i dtraidisiún 1916"
Fionntán de Brún:”Samhail na hAislinge i dtraidisiún 1916″

 

Máírín Nic Eoin a labhair faoi "An Aisling agus an Réaltacht".
Máírín Nic Eoin a labhair faoi ‘An Aisling agus an Réaltacht’

 

Alan Titley: "Tost na Gaeilge i 1916".
Alan Titley: ‘Tost na Gaeilge i 1916’

 

Monica Paton, Londain, ag caint faoina athair a d'oibrigh a athair mar thimire na Gaeilge ag tús an chéid seo caite.
Monica Paton, Londain, ag caint faoina athair a d’oibrigh a athair mar thimire na Gaeilge ag tús an chéid seo caite

 

Gearóíd Ó Cleircín, Fiontar DCU: "Beathaí na nGael á dtaifeadadh".
Gearóíd Ó Cleircín, Fiontar DCU: ‘Beathaí na nGael á dtaifeadadh’

 

Dewi Evans, UCD "Some Irish and Welsh Connections during the Revival".
Dewi Evans, UCD ag tabhairt uaidh a phíosa cainte ‘Some Irish and Welsh Connections during the Revival’

 

Barbara Hillers, cathaoirleach agus cainteoirí Liam MacMathúna agus Feena Tóibín
Barbara Hillers, cathaoirleach agus cainteoirí Liam MacMathúna agus Feena Tóibín

 

Aoife Uí Fhaoláin, Cathaoir, le cainteoirí Criostóir Mac Carthaigh, UCD agus Hugh Rowland, Fiontar, DCU.
Aoife Uí Fhaoláin, Cathaoir, le cainteoirí Criostóir Mac Carthaigh, UCD agus Hugh Rowland, Fiontar, DCU.

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: ‘Torthaí na Réabhlóide’ in UCD – ‘Don’t go into town today – there’s a rebellion on!’'