Ag ócáid a bhí ar siúl i gColáiste na hÉireann/Gaelchultúr le déanaí, bronnadh Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (TGG) ar fhostaithe de chuid na hearnála poiblí. Ag an ócáid chéanna, sheol Seosamh Ó Murchú, Eagarthóir Sinsearach an Ghúim, an ceathrú eagrán de ghraiméar Ghaelchultúir, 'Gramadach gan Stró!'
Éamonn Ó Dónaill, Stiúrthóir Oideachais Ghaelchultúir, ag bronnadh bláthanna ar Shiobhán Patten mar aitheantas ar an éacht atá déanta aici mar mhúinteoir ar go leor cúrsaí éagsúla de chuid an Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil
Oilibhéar de Búrca ón Roinn Oideachais agus an Dr Éamonn Ó hOgáin ag ócáid seolta Gramadach gan Stró! (Eagrán 4)
Aodh Ó Gallchóir, Bainisteoir Sainchúrsaí Gaeilge Ghaelchultúir, Diarmuid Ó Mathúna, Bainisteoir Forbartha Gnó Ghaelchultúir agus Darren Ó Rodaigh, Stiúrthóir Tráchtála Ghaelchultúir
Pádraig Ó Beaglaoich, COGG, agus Adrian Kelly, Tithe an Oireachtais, ag ócáid bhronnta an Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil
Caitlín Nic Íomhair, Mac Léinn PhD i gColáiste na Tríonóide ag labhairt le Reuben Ó Conluain, múinteoir Gaeilge i gColáiste Alexandra, Baile Átha Cliath
Fionnuala Nic Pháidín, múinteoir le Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr ag labhairt le Córa de Paor, Oifigeach Allamuigh ag Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin, Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn
Bríd Uí Ogáin agus an Dr Liam Mac Amhlaigh ag ócáid bhronnta an Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil
Ócáid seolta Gramadach gan Stró! (Eagrán 4) i gColáiste na hÉireann/Gaelchultúr
(Ó chlé) Dáire-Proinsias Mac Gormáin, mac léinn iarchéime le Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr, ag labhairt le Breda Ní Mhaoláin agus Maeve Eason ó Rannóg an Aistriúcháin
Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach COGG, agus Seosamh Ó Murchú, Eagarthóir Sinsearach an Ghúim, ag ócáid bhronnta an Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil
Diarmuid Ó Mathúna, Bainisteoir Forbartha Gnó Ghaelchultúir, ag bronnadh an Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil, Leibhéal 5, ar Bharra Ó Nualláin ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta
Finbar McDonnell agus Eoghan Mac Gearailt, foghlaimeoirí le Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr ag labhairt leis an Dr Róisín Adams, Bainisteoir Forbartha Curaclaim Ghaelchultúir
Múinteoirí de chuid Choláiste na hÉireann/Gaelchultúr
Diarmuid Ó Mathúna, Bainisteoir Forbartha Gnó Ghaelchultúir, ag bronnadh an Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil, Leibhéal 5, ar Angela Ó Floinn ón Roinn Sláinte
Seosamh Ó Murchú, Eagarthóir Sinsearach an Ghúim, agus Éamonn Ó Dónaill, údar Gramadach gan Stró! (Eagrán 4)
Niamh Ní Chadhla, Riarthóir Acadúil Ghaelchultúir, ag labhairt ag ócáid bhronnta an Teastais sa Ghaeilge Ghairmiúil
Ócáid seolta Gramadach gan Stró! (Eagrán 4) i gColáiste na hÉireann/Gaelchultúr
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Teastais teanga bronnta ag Gaelchultúr ar oibrithe san earnáil phoiblí'