GAILEARAÍ: Téacsleabhair dhigiteacha faoi Éirí Amach 1916 seolta ag Scoil an Oideachais, OÉ Gaillimh

Dhá leabhar ilmheán idirghníomhacha, 'Scéal 1916' agus 'The Story of 1916', ina ndéantar cur síos ar an méid a tharla i mBaile Átha Cliath le linn Éirí Amach 1916, seolta ag Scoil an Oideachais in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Daltaí ó Scoil Chroí Íosa, Beulah and Naomi. Pictiúr Aengus McMahon
Scoláirí: Beulah agus Naomi ó Scoil Chroí Íosa, Gaillimh ag seoladh oifigiúil an iLeabhar Scéal 1916. Pictiúr Aengus McMahon

Tá dhá leabhar ilmheán idirghníomhacha,  Scéal 1916 agus The Story of 1916, ina ndéantar cur síos ar an méid a tharla i mBaile Átha Cliath le linn Éirí Amach 1916, seolta ag Scoil an Oideachais in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. 

Is é Seán Ó Grádaigh, léachtóir de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a rinne na leabhair i gcomhar le Century Ireland, Boston College, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, COGG agus Scoil an Oideachais, OÉ Gaillimh.

“Is iBooks iad na háiseanna seo ar úsáideach iBooks Author chun iad a chur i dtoll a chéile,” a dúirt Seán Ó Grádaigh. “Freastalaíonn na leabhair ar riachtanais na gcineálacha éagsúla foghlaimeoirí ar bhealach nach bhféadfadh leabhar clóite a dhéanamh riamh a bhuí leis an ábhar digiteach, an idirghníomhaíocht agus an measúnú atá lárnach sna leabhair.”

The story of the 1916 Rising in Dublin is told in two new multi-touch books Scéal 1916 & The Story of 1916 produced by NUI Galway as part of the Ireland 2016 Centenary Programme. Pictured with school students Ursula, Beulah, Bella and Mary at the launch today at Scoil Chroí Íosa Galway City (l-r) Seán Ó Grádaigh, author and School of Education, NUI Galway; John Concannon, Director Ireland 2016; and school Principal Colin Barry. Photograph by Aengus McMahon
Scoláirí Scoil Chroí Íosa Gaillimh ag seoladh oifigiúil an iLeabhar Scéal 1916 le Seán Ó Grádaigh, Scoil an Oideachais, OÉ Gaillimh; John Concannon, Stiúirthóir Ireland 2016; agus an Príomhoide Colin Barry. Pictiúr: Aengus McMahon

Dúirt Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Dr Jim Browne, ag an seoladh: “Is bliain speisialta í seo do shaoránaigh uile na hÉireann chun machnamh a dhéanamh ar stair na tíre. Cinntíonn an togra seo go bhfuil uirlis iontach idirghníomhach ag scoileanna le go mbeidh múinteoirí agus daltaí in ann foghlaim faoi Éirí Amach 1916 ar bhealach atá spraíúil agus fuinniúil. Is cúis áthais dom go raibh baint ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh leis an togra seo agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Seán Ó Grádaigh agus leis an bhfoireann uile faoin bhfoilseachán tarraingteach seo a chur le chéile.

The story of the 1916 Rising in Dublin is told in two new multi-touch books Scéal 1916 & The Story of 1916 produced by NUI Galway as part of the Ireland 2016 Centenary Programme. Pictured with school students Hannah and Naomi at the launch today at Scoil Chroí Íosa Galway City (l-r) John Concannon, Director Ireland 2016; Principal Colin Barry, Seán Ó Grádaigh, author and School of Education, NUI Galway; Mary Fleming, Head of Schoool, and Dr Jim Browne, President, NUI Galway. Photograph by Aengus McMahon
Scoláirí Scoil Chroí Íosa Gaillimh ag seoladh oifigiúil iLeabhar Scéal 1916 le John Concannon, Stiúirthóir Ireland 2016; an Priomhoide Colin Barry, Seán Ó Grádaigh, Scoil an Oideachais, OÉ Gaillimh; Mary Fleming, Ceann Scoil an Oideachais, ÓE Gaillimh agus Dr Jim Browne, Uachtarán, OÉ Gaillimh. Pictiúr: Aengus McMahon

 

The story of the 1916 Rising in Dublin is told in two new multi-touch books Scéal 1916 & The Story of 1916 produced by NUI Galway as part of the Ireland 2016 Centenary Programme. Pictured with Scoil Chroí Íosa student Ursula, is iBook author Seán Ó Grádaigh, School of Education, NUI Galway and John Concannon, Director Ireland 2016. Photograph by Aengus McMahon
Ursula ó Scoil Chroí Íosa, Gaillimh le Seán Ó Grádaigh agus John Concannon, Stiúirthóir Ireland 2016. Pictiúr: Aengus McMahon

Dúirt John Concannon, Stiúrthóir ar Ireland 2016, “Ag cur beocht agus beatha sa stair don aos óg, sin ceann de chroí-aidhmeanna chlár comórtha céad bliain 2016. Sampla iontach is ea an leabhar ilmheán seo ar conas an sprioc sin a bhaint amach. Tá an-áthas orainn tacú leis.”

Seoladh Scéal 1916 & The Story of 1916 Dé hAoine seo caite i Scoil Chroí Íosa, Bóthar an Chaisleáin Nua, Gaillimh. Is féidir na leabhair a íoslódáil saor in aisce ón iBook Store anseo.