GAILEARAÍ: Tá comóradh 1916 seolta i ndáiríre anois! – ‘Mise Éire’ i gCeoláras Náisiúnta na hÉireann

Bhí Tuairisc.ie i láthair i gCeoláras Náisiúnta na hÉireann chun Mise Éire, le George Morrisson, a fheiscint agus a chlos ‘as an nua’

Uachtarán na hÉireann, Michael D Higgins le George Morrison
Uachtarán na hÉireann, Michael D Higgins le George Morrison

Chruinníomar aréir, Gaeil na gceithre hairde, ón gcian is ón gcóngar, i gCeoláras Náisiúnta na hÉireann chun Mise Éire, le George Morrisson, a fheiscint agus a chlos, dáiríre, as an nua. Bhí an halla ag cur thar maoil, agus scuaine fhada lasmuigh nár éirigh leo ticéad a aimsiú.

An stiúrthóir Seán Ó Mórdha
An stiúrthóir Seán Ó Mórdha

Ní hionann Ceolfhoireann Ceolchoirme RTÉ an lae inniu agus Ceolfhoireann Siansach Raidió Éireann na bliana 1960. Ach, ambaiste, is ar éigean a d’aithneofá mórán difríochta idir toirt agus iomláine na dá fuaime acu.

Peadar Ó Riada
Peadar Ó Riada

Bhíomar, an lucht éisteachta, ar tinneall nuair a d’ísligh na soilse. D’ardaigh David Brophy an baton agus phléasc an scáileán le híomhánna solasmhara Morrisson. Agus ansin do chualamar arís eile, ar ócáid mhór náisiúnta, tuar tréan tonnbhuillí oscailteacha scór spleodrach an Riadaigh.

Áine Hensey, Cathaoirleach Ghael-Linn
Áine Hensey, Cathaoirleach Ghael-Linn

Déanta na fírinne, rith drithlín tríom, agus an driuch fionnaidh ar chúl mo mhuiníl. Croch suas é sin mar bhraistint na hathnuachana i mBliain ár dTiarna 2016.

Tá comóradh 1916 seolta i ndáiríre anois.

Liadh Ní Riada agus Eoghan Ó Riada
Liadh Ní Riada agus Eoghan Ó Riada

Bhíodar go léir istigh, a Shoilse Uachtarán na hÉireann, Michael D. Ó hUiginn, Uasal; Muintir Uí Riada Chúil Aodha – Rachel, Peadar, Eoghan, Liadh agus a n-áil siúd. Bhí an gaiscíoch stiúrthóra George Morrisson, is a bhean Jeanette ann, an tsláinte go rábach acu beirt agus iad ag tarraingt ar an gceithre scór go leith, bail ó Dhia orthu. Bhí Seán Ó Mórdha, Kitty Mullally agus Áine Hensey, Cathaoirleach Gael Linn, ann, gan ach an fíorbheagán a lua.     

Louis Marcus, Fo-Eagarthóir 'Mise Eire' (1960)
Louis Marcus, Fo-Eagarthóir ‘Mise Eire’ (1960)

I dtaca leis an scór beo, bhí tráchtaireacht bheo chomh maith céanna le Cormac de Barra agus Clíona Ní Bhuachalla. Agus ní héasca í an tráchtaireacht bheo, mar is eol dom go rímhaith. Rud an-theicniúil is ea V/O, nó guthú scannáin. Agus níor cheart a leithéid a iarraidh ar aon artiste, ambaiste. Ach, a luaithe is a bhí na néaróga tosaigh ceansaithe acu, rinne Cormac agus Clíona gaisce. Thugadar blas de theicnicí na glúine óige chuig script mháistriúil Sheáin Mhic Réamoinn, agus glac uaim é nach beag sin mar éacht nó mar mholadh.

Jeanette agus George Morrison
Jeanette agus George Morrison

Is duine de dhraoithe an mhaide stiúrtha é David Brophy. Agus nár thuisceanach, dúchasach é an t-ómós a thug sé don Riadach. Le linn na ngárthaí molta seasta ag deireadh an taispeántais, cad a rinne Brophy ach scór an Riadaigh a ardú ós a chionn ina dhá láimh, amhail dá mba chrios Sheaimpín an Domhain a bhí á stocaireacht aige sa chró. Nó, amhail dá mba dhraoi na seanmhuintire é, agus íobairt á hofráil aige ar son déithe págánacha na treibhe.

George Morrison, Stiúrthóir 'Mise Eire'
George Morrison, Stiúrthóir ‘Mise Eire’

Bhí an láncheart ag David Brophy. B’é scór an Riadaigh a rinne athshealbhú ar spiorad an Náisiúin Ghaelaigh sna seascaidí. Mo ghraidhin thú David. D’aithin tú an méid sin. Agus níor leasc leat a leithéid a cheiliúradh.

 

An stiúrthóir Seán Ó Mórdha
Liadh Ní Riada, Feirise Eorpach, ag beannú le George Morrison
Liadh Ní Riada, Feirise Eorpach, ag beannú do George Morrison

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Tá comóradh 1916 seolta i ndáiríre anois! – ‘Mise Éire’ i gCeoláras Náisiúnta na hÉireann'

  • padraig

    An-alt ag Pat Butler….tomhaiste, omosach, cuanna, ciuin. Is gear doite a theastodh ‘athshealbhú ar spiorad an Náisiúin Ghaelaigh’ ar na saolta seo arist eile.