Seo an dara gailearaí de dhá cheann speisialta ina dtugann Seán Ó Mainnín agus grianghrafadóirí eile Tuairisc.ie amharc ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta le bliain anuas
Ríméad ar a gcomhscoláirí as Gaelscholáiste na Mara, An tInbhear Mór faoin éacht a rinne an fhoireann. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Keely Ní Riain agus Nóra Nic Sheoin, Gaelcholáiste Mhuire AG, Corcaigh ag Na Goirt Órga. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Is aoibhinn don cheoltóir! Scoil Cheoil an Earraigh i mBaile an Fheirtéaraigh. Pictiúr: Dónal Glackin
Na healaíontóirí ar fad a ghlac páirt sa cheolchoirm in Amharclann Ghaoth Dobhair i mí Mhárta. Pictiúr: Declan Doherty
‘Cochaillín Dearg’, Scoil Cholmcille, Ros an Mhíl ag Coirm Gael Linn i Halla na Cathrach i gCathair na Gaillimhe. COIRM Gael Linn. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Lá Fhéile Pádraig i nGaoth Dobhair. Pictiúir: Tommy Curran
An chéad bhuille. Michael John Ó Fátharta ag cur tús leis an gcluiche Cead in Inis Meáin. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
The Mary Wallopers ag an ‘Gig do Rónán’ i Whelan’s. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Ceoltóirí is amhránaithe ag an cheiliúradh ar 50 bliain de Raidió na Gaeltachta i gConamara. Pictiúr: Andrew Downes, Xposure
Mairéad Ní Fhátharta, Príomhoide Choláiste Naomh Eoin Inis Meáin, agus Marty Morrissey a chuir tús oifigiúil leis an rás. Pictiúr: Iain McDonald
Caitlín Wall agus Síomha Nic Cionnaith, Lá na bPáistí ag Féile na Bealtaine sa Daingean. Pictiúr: Manuela Dei Grandi
Gliondar ar fhoireann Scoil Iognáid, Gaillimh tar éis dóibh Corn Fhéile Peile Gael Linn a bhuachan ar Ghaelscoil Iarfhlatha, Tuaim. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Ceiliúradh Scoil Dhún Chaoin. Pictiúr: Manuela Dei Grandi
Níl ár sárú le fáil. An Clochán Liath ag ceiliúradh ag Comórtas Peile na Gaeltachta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
An Earagail aoibhinn sa chúlra le linn an chomórtais. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Féile na Gealaí. Pictiúr: Cathal Mac an Bheatha @Cathalmacan Photography
Féile na Gealaí. Pictiúr: Cathal Mac an Bheatha @Cathalmacan Photography
Emily Nic Gearailt, Ellie Power-Farrell, Orlaith King agus Hannah Nic Gearailt ag Regatta Bhaile na nGall. Pictiúr: Manuela Dei Grandi
Na buachaillí agus cailíní ar a gcéad lá ar scoil i Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua. Pictiúr: Mike Shaughnessy/Tuairisc.ie
Scoláirí Gaeltachta ag baint súp as ceardlann drumadóireachta ag seisiún oiliúna COGG. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Buaiteoirí na nduaiseanna tráchtaireachta i bPáirc an Chrócaigh le tráchtairí proifisiúnta agus ionadaithe Gael Linn: Ó chlé chun tosaigh: Ciara Ní Mhainín, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. Gaillimhe – An Chéad Áit Sinsir; Eoin Ó Neachtain, Coláiste Chroí Mhuire – An Dara hÁit Sinsir. Eimear Hanley, Coláiste Naomh Aingeal, Corcaigh – An Tríú hÁit Sinsir; Senan Mac Aodha – Scoil Éinne, An Spidéal, Co. na Gaillimhe – An Tríú hÁit Sóisir; Cecilia Henderson, Gaelscoil an Chuilinn, Baile Átha Cliath – Chéad Áit Sóisir; Cian Ó Murchú, Gaelscoil an Chuilinn, Baile Átha Cliath – An Dara hÁit Sóisir; Shíofra Ní Scanláin, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe – Buaiteoir Náisiúnta. Ar chúl: Liam Mac an Mhaoir, Dara Ó Cinnéide, Pádhraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Gael Linn; agus Máire Ní Bhraonáin, TG4. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Nithy Kasa is Daithí Ó Muirí ag Rabhadh gan Gníomh. IMRAM. Pictiúr: Jim Berkeley (JJB Photography)
Bróna Ní Uallacháin, Pádraig Ó Sé, Páid Ó Neachtain agus Aisling Ní Neachtain. Pictiúr: Clive Wasson
Bhuaigh mamaí, Eileen Ní Chonghaile, Comórtas Sean-Nós na mBan, ach tá Iarlaith ag cur tús lena ghairm amhránaíochta! Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Charles Lamb, garmhac an ealaíontóra agus Laillí, a iníon ag an taispeántas de phictiúir le Charles Lamb agus Pádraic Reaney. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Ní raibh aon drogall ar Eibhlín (3). Rith sí isteach agus thug sí barróg mhór do Santa i siopa Chló Iar-Chonnacht. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Súil siar ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2023 trí lionsa Tuairisc…'