GAILEARAÍ: Súil siar ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2022 trí lionsa Tuairisc…

Seo an dara gailearaí de dhá cheann speisialta ina dtugann Seán Ó Mainnín agus grianghrafadóirí eile Tuairisc.ie amharc ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta le bliain anuas

Meas tú céard a dúirt Santaí le Rónán Ó Cúláin

 

Oíche Shamhna ag teacht! Maitiú Mac Donnacha

 

An-sásta a bheith ar scoil. Ó chlé: Lauren Ní Chonaire, Ailbhe Ní Thuathail agus Maggie Ní Loideáin

 

Lá Dearg

 

Pagan Rave, Féile na Bealtaine

 

Cath Fionn Trá

 

Tá an-slacht curtha ag Mary Clarence ar chór Bhanríon na nAingeal

 

Maria Nic Dhonncha ag ceiliúradh ardmharcanna san Ardteist (625) lena máthair Natalia Kovaleva

 

Dhá ghearrdhráma i ngairdín an Dísirt ag Aisteoirí Bhréanainn

 

Suaimhneas agus áilleacht Chonamara ar thearmann Naomh Mac Dara

 

Na Naíonáin Bheaga, Scoil an Fheirtéaraigh, Luisne Ní Lubhaing, Nell Nic Gearailt, Alanah Ní Laoire, Sinéad Ní Mhuiris, Óigí Ó Muircheartaigh agus George Ó Flatharta

 

 

Cuan agus Iarfhlaith Ó Murchú, Ceann Trá agus súp á bhaint acu as an dea-aimsir

 

 

Trá an Dóilín a bhain an séú háit amach i suirbhé a rinne an comhlacht Ocean Bottle ar thránna sa tír seo, i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag

 

Sásta lena gcéad lá scoile i Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe: Cuisle Ní Oibicín, Cóil Ó hOibicín agus Jeaic Chippendale

 

Máirtín Ó Cadhain á nochtadh ag Dónall Ó Braonáin ar an Spidéal

 

Súil eile sa slua ag Comórtas Peile na Gaeltachta ar an Máimín

 

 

An t-amhránaí John Beag Ó Flatharta ar bronnadh gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta air le linn Chorn Uí Riada ag Oireachtas na Samhna

 

 

 

Armada Mhic Dara! Na báid agus a bpaisinéirí ag déanamh ina sluaite ar Oileán Mhic Dara

 

Lucht leanta Chumann Caide na Gaeltachta

 

Darach Ó Catháin ag canadh “Óró sé do bheatha abhaile’. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

 

Duine de lucht leanta fhoireann na Gaeltachta, Micheál Toose Mac Gearailt

 

Sna trithí gáire ag GaelGÁIRE

 

Patrick Duffy leis an amhránaí Maidhc Jimmy Ó Curraoin agus an ceoltóir Sonny Choilm Learaí

 

‘DRAÍOCHT’, Coláiste Oiriall, Muineachán 

 

Teastaíonn plaic ó gach éinne – fiú le linn cluiche

 

Páistí ó Scoil Bhríde, Mionlach, Contae na Gaillimhe agus ‘An Tornapa Mór’ á léiriú acu

 

Siobhán Ní Mhuimhneacháin agus Seosamh Ó Críodáin sa chomórtas Sceitse ag an Oireachtas

 

Gáir ríméid ó Bhreandán Ó Móráin, Cill Chomáin, tar éis dó cúl na cinniúna a scóráil in aghaidh Chlann na nGael sa chluiche leathcheannais

 

Na TINAS in ardghiúmar ag an seó ‘Stars in their Eyes’ sa Spórtlann i Leitir Móir

 

Cumann Micheál Breathnach, Indreabhán, Co na Gaillimhe, buaiteoirí chraobh shóisir na mban, Comórtas Peile na Gaeltachta 2022, tar éis dóibh An Cheathrú Rua a chloí

 

Bríd Áine Ní Ghrádaigh, Ráth Chairn, Baile Átha Buí, Co. na Mí, le Corn Cuimhneacháin Nóra Ghriallais Mhic Dhonnacha & Bonn óir i gComórtas Amhránaíochta na nÓg (A). Bhuaigh MaryKate Ní Ailleacháin, Scoil Abán Naofa, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí an dara duais agus Luke Ó Tuairisg, Scoil Sailearna, Indreabhán, Conamara, Co. na Gaillimhe an tríú duais

 

Cúl á scóráil ag Naomh Conaill, Co Dhún na nGall in aghaidh Naomh Anna, Leitir Móir i gcluiche leathcheannais sinsear na bhfear. Bhí an bua ag Naomh Conaill tar éis am breise.

 

An Fab Four ag baint deatach as an urlár i Leitir Móir

 

Peadar Mac Fhlannchadha, ag dul ar scor óna phost mar Bhainisteoir Cosanta Teanga agus Ionadaíochta agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, ag a chóisir imeachta i gClub Áras na nGael, Gaillimh

 

Mairéad Ní Loingsigh ar cheann dá cuid ruathar iontach do Naomh Anna Leitir Móir

 

Angus agus Malcolm i Leitir Móir

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Súil siar ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2022 trí lionsa Tuairisc…'