GAILEARAÍ: Slua mór i láthair agus ‘ardsaothar ealaíne’ Áine Uí Fhoghlú seolta sa Rinn

Bhí slua mór i láthair le déanaí nuair a seoladh sa Rinn ‘Scéalta agus Seanchas – Potatoes, Children and Seaweed’ le hÁine Ní Fhoghlú, leabhar atá bunaithe ar shraith agallamh a dhein an t-údar leis an seandream sa Rinn agus sa Seanphobal idir 1991-1994

An tOllamh Pádraig Ó Macháin ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh a dúirt gur ‘ardsaothar ealaíne’ leabhar nua Áine Uí Fhoghlú, leabhar, dar leis, a bhí ‘inchurtha leis an rud ar a dtugtaí ‘seod flaithe’ in aimsir na seantaoiseach Gaelach, is é sin bronntanas an-speisialta a bheadh deartha agus déanta go huathúil do phrionsa nó do thaoiseach’

 

Fionn Mac Giolla Chuda agus Nóirín Uí Chionnfhaolaidh, baintreach Dhomhnaill Uí Chionnfhaolaidh a bhfuil cuntas uaidh sa leabhar a dhear agus a d’fhoilsigh an comhlacht Black Mountain Design i mBaile Átha Cliath

 

Áine Uí Fhoghlú ag síniú leabhair do Thomás Ó Cuirrín, Baile na nGall, a bhfuil cuntas óna aintín sa leabhar

 

Áine Uí Fhoghlú ag síniú leabhair don Athair Éamonn Ó hAiseadha. Ar chlé, ag féachaint orthu tá Fiona Uí Mhaolchatha

 

Áine Uí Fhoghlú ag caint le Michael Coady agus Pádraig Ó Macháin

 

Áine Uí Fhoghlú ag bronnadh leabhair ar Mhícheál Seosamh de Paor, a bhfuil cuntas uaidh sa leabhar

 

Máire Seó Breathnach agus an slua bailithe i gcomhair na hócáide

 

Joan Clancy agus an t-údar Michael Coady ag cuir an-suim sa leabhar nua

 

Iarléitheoir nuachta RTÉ, Úna O’Hagan agus an t-údar Colm Keane, ag an seoladh

 

Máire Seó Breathnach, Áine Uí Fhoghlú agus Pádraig Ó Macháin

 

Michael English, dearthóir Black Mountain Design agus Áine Uí Fhoghlú, údar

 

Áine Uí Fhoghlú ag caint leis an slua

 

An tOllamh Pádraig Ó Macháin ag caint ag an seoladh

 

An tOllamh Pádraig Ó Macháin ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh a dúirt gur ‘ardshaothar ealaíne’ leabhar nua Áine Uí Fhoghlú, leabhar, dar leis, a bhí ‘inchurtha leis an rud ar a dtugtaí ‘seod flaithe’ in aimsir na seantaoiseach Gaelach, is é sin bronntanas an-speisialta a bheadh deartha agus déanta go huathúil do phrionsa nó do thaoiseach’

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Slua mór i láthair agus ‘ardsaothar ealaíne’ Áine Uí Fhoghlú seolta sa Rinn'