Bhí slua maith i láthair ag Ceiliúradh an Bhlascaoid in Ionad an Bhlascaoid Mhóir i nDún Chaoin i mbliana, mar ar bronnadh sparánacht, a thionscain an Dr Maidhc Ó Ceárna, iar-Bhlascaodach nach maireann, ar Shiobhán Ní Neachtain. Ba é téama Cheiliúradh na bliana seo ná Piaras, Piaras Feiritéar, an file agus an laoch béaloidis
Is í Siobhán Ní Neachtain, ón gCoill sa Daingean, a ghnóthaigh Sparánacht an Bhlascaoid i mbliana.
D’fhógair Lorcán Ó Cinnéide, Rúnaí Fhondúireacht an Bhlascaoid an sparánacht ag an deireadh seachtaine. Iníon í Siobhán le Marina agus Éamon Ó Neachtain agus bronnadh seic€1,000 uirthi. Is é an Dr. Maidhc Ó Ceárna, iar-Bhlascaodach, nach maireann,a thionscain an sparánacht roinnt blianta ó shin chun deis a thabhairt do dhaoine óga i gCorca Dhuibhne, staidéar níos doimhne a dhéanamh ar theanga agus ar chultúr na Gaeltachta. Is í Maureen Carney Hayes, iníon Mhaidhc, a bhronn an seic ar Shiobhán in Ionad An Bhlascaoid mar chuid de chlár Cheiliúradh an Bhlascaoid a bhí ar bun ag an deireadh seachtaine.
Fondúireacht an Bhlascaoid, i gcomhar le teaghlach Uí Cheárna i Meiriceá agus Ionad an Bhlascaoid a riarann an Sparánacht.
Rinne Siobhán an Ardteist i bPobalscoil Chorca Dhuibhne i mbliana agus tá sí ag freastal ar Ollscoil Chorcaí an aimsir seo.
Lorcán Ó Cinnéide, Maureen Carney Hayes, Siobhán Ní Neachtain agus Jerry Hayes agus Sparánacht An Bhlascaoid á bronnadh ar Shiobhán in Ionad An Bhlascaoid Mhóir, Dún Chaoin
An Dr. Tomás Liam Ó Murchú a d’oscail An Ceiliúradh go hoifigiuil an Aoine seo caite
Seáinín Ó Braonáin agus Lorcán Ó Cinnéide
Lucht éisteachta an Cheiliúradh san Amharclann in Ionad An Bhlascaoid
Siobhán Ní Neachtain (ar dheis) in éineacht lena máthair Marina agus a máthair chríonna, Máirín Uí Dhubháin in Ionad An Bhlascaoid
Roibeard Ó Cathasaigh, Síle Uí Mhaolchatha agus Dr. Tomás Liam Ó Murchú
Dr. Micheál Ó Cinnéide, Fondúireacht an Bhlascaoid
An Dr. Pádraig Ó Héalai agus Máirín Uí Shé
Máirín Uí Shé, Dr. Liam P. Ó Murchú agus Máire Ni Dhálaigh
Máiréad agus Pádraic Mac Donnchadha, ó Ráth Chairn
An Dr. Liam P. Ó Murchú a thug léacht faoi ‘An Caoineadh Liteartha Mar a Chleacht Piaras é’
An Dr. Tríona Ní Shíocháin a labhair ar ‘Comhthéacs An Cheoil in Aimsir Phiarais’
An Dr. Éadaoin Ní Mhuircheartaigh a thug léacht faoin dtéama ‘Laoch Duibhneach: Léiriú an Bhéaloidis ar Phiaras Feiritéar’
Jerry Hayes agus é ag labhairt ag seoladh a leabhair ‘The Blasket Islandman’ in Ionad An Bhlascaoid ar an Aoine seo caite
Jerry Hayes le Catherine Ní Laoithe agus Aoife Ní Chonaill, arbh é Tomás Ó Criomhthain sin-seanathair na beirte acu
Pat Nelligan ón nDaingean agus é ag labhairt ar an dtéama ‘An Saol Mar A Bhí in Aimsir Phiarais’
Jerry Hayes agus Mícheál Ó Cinnéide ag baint sult as seoladh leabhar Jerry faoin údar Blascaodach, Thomas Ó Criomhthain – ‘The Blasket Islandman’ a sheol The Collins Press ag an gCeiliúradh
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Slua maith i láthair ag Ceiliúradh an Bhlascaoid i nDún Chaoin agus sparánacht bronnta ar mhac léinn óg ón Daingean'
Muiris Ó Bric
Ana dheas. Ceiliúradh breá mar is gná. Níl aon áit mar é chun ceiliúradh may é. Go raibh míle maith as na Pictiúirí breá. Cúpla cara Ana dhílis dom ina measc
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Muiris Ó Bric
Ana dheas. Ceiliúradh breá mar is gná. Níl aon áit mar é chun ceiliúradh may é. Go raibh míle maith as na Pictiúirí breá. Cúpla cara Ana dhílis dom ina measc