GAILEARAÍ: Slán abhaile – rás deiridh na bliana ag bádóirí Chuan Chasla i gConamara

Is é cumann Chonamara do na báid seoil bheaga - na Flying Fifteens - an ceann is gnóthaí sa tír. Ritheadh 32 rás ó mhí an Mhárta agus bhí 27 bád páirteach iontu agus seo roinnt den aicsean i gCuan Chasla i rás deireanach na bliana seo. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Rásaí bád seoil in aice le céibh an tSrutháin ar an gCeathrú Rua

 

An ghaoth ina seolta agus a n-aghaidh ar Chuan Chasla

 

Pat Mhichael agus Gearóid Mac Donnacha

 

An bádóir aonair Máirtín Ó Flatharta a tháinig sa tríú háit

 

Oisin Ó Cualáin, an t-úinéir is óige sa rás, agus Aonghus Bairéad,ar chlé

 

Micheál Ó Briain agus TJ Clarke

 

Micheál Ó Conghaile agus a iníon, Aoife

 

Rónán Ó Ceallaigh agus a uncail,  Kevin

 

An reilig agus Trá Bharr an Doire

 

Cian agus Síofra Nic Dhonnacha, as an Trá Bháin

 

Súil an tseabhaic ar na bádóirí

 

Trá an Dóilín

 

Is maith é an cúnamh

 

An chéad chúrsa thart agus scíth bheag ag teastáil

 

Dúrúch iomaíochta ar na bádóirí atá chun cinn

 

Báid seoil, sean is nua

 

Ní rás é gan físeán!

 

Niall Ó Briain agus a leathbhádóir, Séamus Ó Loideáin, ag oibriú an chloiginn!

 

Inis Mór fágtha ina ndiaidh acu agus a n-aghaidh ar an mbaile agus Cuan Chasla

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Slán abhaile – rás deiridh na bliana ag bádóirí Chuan Chasla i gConamara'

  • Bríd Ní Cholla

    Tá mé i Vancouver ag féachaint ar na pictiúirí álainn den rása Chuan Chasla. Is breá go bhfuil suim ag na daoine óga san seoltóireacht.