Sheol Dara Ó Cinnéide, RTÉ Raidió na Gaeltachta, leabhar nua dar teideal Léarscáil Logainmneacha Chnoc Bhréanainn – Paróiste Mórdhach/Paróiste na Cille, Dé Luain i Seanscoil an Chuasa (Scoil Naomh Breandán), i mBaile na nGall i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.
Tá breis agus trí chéad logainm ar an léarscáil, chomh maith le seanchas, béaloideas agus stair Chnoc Bhréanainn.
Is í Máirín Uí Shé a stiúraigh an togra agus is í a bhailigh na logainmneacha, i dteannta le Dómhnall Mac Síthigh agus daltaí Scoil Naomh Eirc. Bailíodh logainmneacha ó go leor de mhuintir na háite, leis.
Is í Caitríona Ní Chathail a chuir an léarscáil in eagar agus Feargal Mac Amhlaoibh a dhein an clóchur ginearálta agus an dearadh.
Dómhnal Ó Bric a dhein an líníocht agus clóchur ar na logainmneacha agus is é, leis, a mhaisigh an léarscáil.
– Léarscáil Logainmneacha Chnoc Bhréanainn – Paróiste Mórdhach/Paróiste na Cille – Arna chur i gcló ag Kingdom Printers agus arna fhoilsiú ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne. €20 an praghas atá air agus is féidir tuilleadh eolais a fháil air ach glaoch ar 066 9156100 nó ríomhphost a chur go dtí Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag eolas@cfcd.ie
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Seoladh leabhair nua ar logainmneacha Chnoc Bhréanainn'