GAILEARAÍ: Scoth na n-íomhánna ó chluichí cáilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta 2017

Imríodh cluichí cáilithe do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2017 i nGaillimh, i gCiarraí, i nDún na nGall agus i Maigh Eo le cúpla seachtain anuas agus na foirne uile ag iarraidh áit a bhaint amach ag an gcomórtas náisiúnta i dTuar Mhic Éadaigh an mhí seo chugainn

GAILEARAÍ: Scoth na n-íomhánna ó chluichí cáilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta 2017
Colm Ó Braonáin ag breith ar an liathróid in aghaidh Bhearna. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie.

 

Seosamh Ó Cathasaigh (Carna-Caiseal) agus an liathróid ina sheilbh aige in aghaidh na Ceathrún Rua. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie.

 

Imreoirí Rinn Mhaoile ag ceiliúradh a mbua in aghaidh Bhearna sa chluiche ceannais Sóisir. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie.

 

Foireann Rinn Mhaoile tar éis dóibh an Comórtas Sóisir a bhuachan sa Ghaillimh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie.

 

Scrúdú dochtúra á déanamh ar Mháirtín Ó Goill i  gcluiche leathcheannais na sinsear sa Ghaillimh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie.

 

Iarracht Chiaráin Uí Chualáin, An Cheathrú Rua, a bhuail an trasnán ag deireadh chluiche ceannais na sinsear. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie.

 

Oileáin Árann ag ceiliúradh agus Comórtas na Sinsear sa Ghaillimh buaite don chéad uair acu

 

Maor cúil ag coinneáil súil ar an imirt ag an gcomórtas i gCloich Chionnaola. Pictiúr: Charlie Ó Dónaill.

 

Cailín Gaelach Dhún na nGall 2017, Shauna Ní Dhubhachain as Gaoth Dobhair. Pictiúr: Charlie Ó Dónaill.

 

Buachaillí Ghaoth Dobhair, a bhuaigh an comórtas Faoi-15 i nDún na nGall. Pictiúr: Charlie Ó Dónaill.

 

Foireann Naomh Muire ag ceiliúradh a mbua i gcluiche ceannais Sóisir na mBan. Pictiúir: Charlie Ó Dónaill.

 

Buaiteoirí Comórtais Sóisir Dhún na nGall, Naomh Náille. Pictiúr: Charlie Ó Dónaill.

 

Anna-Marie McGlynn, captaen Ghleann Fhinne, curaidh shinsir na mban Dhún na nGall, agus Shauna Ní Dubhachain, Cailín Gaelach Dhún na nGall. Pictiúr: Charlie Ó Dónaill.

 

Foireann Chloich Cheann Fhaola, a bhuaigh an Comórtas Sinsir i nDún na nGall. Pictiúr: Charlie Ó Dónaill.

 

Oileán Acla, ag ceiliúradh a mbua i gComórtas Sóisir Mhaigh Eo.

 

Lánchúlaí Lios Póil, Éamonn Ó Beaglaoich, agus seilbh na liathróide aige i gcluiche ceannais Sóisir Chiarraí a imríodh ag tús mí Aibreáin. Pictiúr: Paddy White.

 

Sciath Chuimhneacháin John C O’Shea á bronnadh ar Chathal Ó Suilleabháin. Pictiúr: Paddy White.

 

Foireann Lios Póil a bhuaigh Comórtas Sóisir Chiarraí. Pictiúr: Paddy White.

 

Foirne na Gaeltachta agus Naomh Mícheál/An Fhaill Mhór roimh an gcluiche ceannais. Pictiúr: Paddy White.

 

Pádraig Mac an Rí (Naomh Mícheál) ag iarraidh éalú ó Cian Ó Murchú agus Marc Ó Sé ón nGaeltacht. Pictiúr: Paddy White.

 

Captaen na Gaeltachta, Colm Ó Muircheartaigh ag glacadh le Corn Cuimhneacháin Thomáis Uí Chonchúir. Pictiúr: Paddy White.

 

Buaiteoirí Chomórtas na Sinsear i gCiarraí, An Ghaeltacht. Pictiúr: Paddy White.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scoth na n-íomhánna ó chluichí cáilithe Chomórtas Peile na Gaeltachta 2017'