GAILEARAÍ: Scoláirí Ardteiste na Ceathrún Rua sásta lena dtorthaí

Chuaigh Tuairisc.ie chuig Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua le blaiseadh a fháil den atmaisféar ar lá mór na dtorthaí Ardteiste. Pictiúr: Tuairisc/Seán Ó Mainnín

Éabha Breathnach ag ceiliúradh lena máthair agus múinteoirí. Ó chlé: Bridie Ní Shúilleabháin, Éabha, a máthair Bríd, Treasa Uí Lochlainn agus Seán Mac Donncha, príomhoide

 

Sheona Ní Mháille, múinteoir ceoil sa scoil, ag déanamh comhghairdeachais le Áine Ní Ghríofa. Beidh Áine ag déanamh Ceol, Tíreolaíocht agus Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad

 

Bríd Ní Liatháin agus a hiníon, Éabha, ag oscailt na dtorthaí le chéile

 

Tá torthaí Éabha thar cionn!

 

Na múinteoirí féin sásta leis na torthaí. Ó chlé: Ali Donald (Bitheolaíocht); Siobhán Uí Loideáin (Séiplíneach scoile)  Neasa Mhic Dhonncha (Mata) agus Sinéad McGuirk (Fraincis)

 

Dara Ó Conghaile ag oscailt a chuid torthaí

 

Na marcanna aige. Beidh Dara ag déanamh múínteoireachta in OÉG

 

Tá Siobhán Uí Loideáin sásta le torthaí a mhic, Cormac, a tógadh ar chúrsa fisiteiripe in Eindhoven na hÍsiltíre ar an tuiscint go bhfaigheadh sé na marcanna a bhí ag teastáil inniu. Fuair agus tuilleadh!

 

Grinnstaidéar ar thorthaí: Margarita McDonald, ar chlé, le Gráinne de Bhailís agus an príomhoide Seán Mac Donncha. Beidh Margarita, imreoir rugbaí le Cúige Chonnacht agus le foireann na hÉireann, ag déanamh céim sna dána in OÉG

 

Scoláire sásta eile. Eoghan Ó Súilleabháin

 

Margarita McDonald agus Aibidh Ní Mháille, imreoirí rugbaí le Cúige Chonnacht, agus Saffron Ní Fhlatharta ag ceiliúradh a dtorthaí.  Beidh céim sna dána á déanamh ag Margarita in Ollscoil Na Gaillimhe, beidh Aibidh ag déanamh radagrafaíochta sa Choláiste Ollscoile, BÁC agus beidh Saffron ag déanamh múinteoireachta i gColáiste Mhuire Gan Smál, Luimneach

 

Orla Ní Fhlatharta ar chlé a mbeidh céim sna dána á déanamh aici in Ollscoil na Gaillimhe agus Orlaith Ní Chonghaile a bheidh ag déanamh Dlí agus Gnó san Ollscoil chéanna

 

Éanna Ó Domhnaill lena aintín agus múinteoir Sallyann Uí Dhubháin. Tá suil ag Éanna cúrsa Bainistíocht Foirgníochta a dhéanamh

 

 Orla Ní Chadhain agus Aisling Ní Mhocháin agus iad beirt sásta

 

Maria Nic Dhonncha ag ceiliúradh ardmharcanna san Ardteist (625) lena máthair Natalia Kovaleva

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scoláirí Ardteiste na Ceathrún Rua sásta lena dtorthaí'

  • Peadar

    An brú atá daoine óga faoi ag ‘rás na bpointí’ agus an costas ‘grinds’ ar theaghlaigh chun pointí arda a bhaint amach. Thar am an mheasúnú leanúnach a thabhairt isteach.