GAILEARAÍ: Scéalta spóirt na Gaeltachta i bpictiúir…

Caitheann Tuairisic.ie súil siar ar chuid de na híomhánna is fearr de ghaiscí spóirt na Gaeltachta i mbliana

D’éirigh chomh maith sin leis An Ghaeltacht in 2017 go raibh a bhfeachtas stairiúil fós ar siúl in 2018, ach faraor an briseadh croí a bhí i ndán dóibh i gcluiche leathcheannais na hÉireann nuair a fuair seaimpíní Thír Eoghain, An Maigh, cúl na cinniúna sa nóiméad deireanach

 

Bhí peileadóirí óga Ghaoth Dobhair fós ag imirt luath sa bhliain chomh maith agus thug siad Craobh Faoi 21 Uladh leo nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Leamhaigh sa chluiche ceannais. Níorbh é sin an t-aon údar ceiliúrtha a bheadh ag an gcumann in 2018 ach oiread!
Bhí Pobalscoil Chorca Dhuibhne ina máistrí i gCorn Uí Mhuirí arís agus an ceann is fearr faighte acu ar Scoil na mBráithre Críostaí Thrá Lí i gcluiche ceannais na Mumhan mí Mhárta
Bhí fear Mhaigh Cuilinn, Máirtín Ó Maoilchiaráin, ag ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig agus Craobh Shinsir Liathróid Láimhe na hÉireann buaite aige den chéad uair
Is ar Pháirc an Mháimín i Leitir Móir a reáchtáladh cluichí cáilithe na Gaillimhe do Chomórtas Peile na Gaeltachta mí Bealtaine. Fuair Bearna an ceann is fearr ar an bhFairche sa chomórtas sóisir
Sa chraobh shinsir, ba iad An Cheathrú Rua a bhain áit amach ag an gcomórtas náisiúnta sna Dúnaibh nuair a bhuail siad An Spidéal sa chluiche ceannais
Tháinig fir na Ceathrún Rua aniar aduaidh ar sheaimpíní 2017, an Ghaeltacht, sa chéad bhabhta de Chomórtas Peile na Gaeltachta, a bhí ar siúl sna Dúnaibh i dtuaisceart Dhún na nGall deireadh seachtaine na Cincíse
Cogadh an dá chathair a bhí ann tráthnóna Dé Sathairn ag Comórtas Peile na Gaeltachta sa chraobh shóisir nuair a thug Laochra Loch Lao agus na Gaeil Óga aghaidh ar a chéile. Ba iad fir Bhaile Átha Cliath a tháinig slán
Antaine Ó Conghaile agus Colin Ó Domhnaill na Ceathrún Rua ag ceiliúradh tar éis dóibh bua gan choinne eile a bhaint amach nuair a chloíodar curaidh 2015 agus 2016, Naomh Conaill, sa bhabhta leathcheannais
Ba iad Bhulf Tón na Mí a bhí ag ceiliúradh Luan Cincíse áfach agus an ceann is fearr faighte acu ar an gCeathrú Rua sa chluiche ceannais. Seo Fiachra Mac an Bhaird ag ceiliúradh agus cúl faighte aige
Pauric Ó Diomáin agus Cian Mac an Bhaird ag ceiliúradh le Brughach Ó Fionnagáin
Niall Ó Locháin agus Corn an Aire á ardú aige
Ba é Allen Pasoma laoch na nDúnaibh nuair a fuair sé cúl na cinniúna i gcluiche ceannais na sóisear
Bua speisialta a bhí ann don fhoireann bhaile agus an ceann is fearr faighte acu ar a gcomharsana, Gaeil Fhánada, sa chluiche ceannais
Ba iad na Dúnaibh a thug leo Craobh Shóisir na mBan chomh maith nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Cill Chomáin as Maigh Eo
Seán Ó hEarcáin, Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta, ag bronnadh corn chraobh shinsir na mban ar chaptaen Ghleann Fhinne, Gráinne Nic a’ tSeachlainn, tar éis do na Conallaigh an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Cuilinn sa chluiche ceannais
Fear an Daingin, Colm Ó Muircheartaigh, ag ceiliúradh tar éis do Chiarraí Chraobh Mhionúir Peile na hÉireann a bhuachan den chúigiú huair as a chéile mí Mheán Fómhair. Is i gcoinne na Gaillimhe a bhí siad sa chluiche ceannais, coimhlint ina raibh scata mór imreoirí Gaeltachta ag imirt
Bhain Gaoth Dobhair cluiche ceannais Chraobh Shinsir Dhún na nGall amach i gcoinne Naomh Conaill mí Dheireadh Fómhair
Ba é Odhrán Mac Niallais laoch Ghaoth Dobhair agus bua mór acu ar fhoireann na nGleanntach, 0-17 in aghaidh 1-7
Ba é an chéad uair ó 2006 gur ardaigh fir Mhachaire Gathlán Corn an Dochtúra Mhic Uidhir leo, agus ní raibh deireadh lena n-aistear fós…
D’aimsigh Shane Ó Duinnín dhá chúl nuair a bhuaigh Cill na Martra cluiche ceannais idirmheánach peile Chorcaí
Tar éis dóibh trí chluiche leathcheannais a chailliúint le ceithre bliana anuas, rinneadh ceiliúradh mór nuair a d’éirigh le fir Mhúscraí an chraobh a thabhairt leo ar deireadh
Bhí An Spidéal ag ceiliúradh an lá céanna agus a gcomharsana, Micheál Breathnach, curtha de dhroim seoil acu faoi dheireadh in athimirt ‘El Cois Fharraigó’
Ba é Ciarán Ó Laoi captaen na foirne a thug leo Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe den chéad uair riamh
Chuaigh an Spidéal chomh fada le cluiche ceannais Chonnacht mí na Samhna agus chuir siad tús den scoth leis an gcluiche in aghaidh Fhíorta Ros Comáin nuair a d’aimsigh Finnian Ó Laoi cúl sa chéad nóiméad
Bua aon phointe amháin a bhí ag fir na Gaillimhe ar deireadh agus áit anois bainte amach acu i gcluiche leathcheannais na hÉireann a bheidh ar siúl mí Eanáir
Ruairí O’Toole ag ceiliúradh agus curaidh Chonnacht tagtha abhaile go dtí Baile an Droichid
Bhí Gaoth Dobhair ag iarraidh craobh an chúige a thabhairt leo chomh maith ag tús mhí na Nollag agus áit bainte amach acu sa chluiche ceannais in aghaidh churaidh Mhuineacháin, An Bhoth
Ba é Seaghan Ó Fearraigh laoch na foirne nuair a fuair sé scór cinniúnach in am breise chun Craobh Uladh a bhuachan do na Conallaigh
Tá Gaoth Dobhair anois ag fáil réidh do chluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh sheaimpíní na hÉireann, Cora Finne na Gaillimhe, sa bhliain nua

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Scéalta spóirt na Gaeltachta i bpictiúir…'