Chas scríbhneoirí ó na réigiúin Ghaeltachta éagsúla lena chéile agus a gcnuasach scríbhneoireachta, 'I mBun Pinn', á sheoladh le déanaí in Ionad Pobail Leitir Móir, Conamara. Toradh an cnuasach seo ar cheardlann scríbhneoireachta ar Zúm a d'eagraigh Glór na nOileán, Oifig Pleanála Teanga Cheantar na nOileán i gConamara
Scríbhneoirí agus lucht eagraithe na gceardlann ag an seoladh. Ar chúl, ó chlé (as Conamara mura ndeirtear a mhalairt): Máire-Áine Uí Ailín, Sailí Uí Ghionnáin, Baba Uí Loingsigh, Máire N. Uí Mhurchú, Maigh Eo; Helena O’Brien, Ruth Nic Ghiolla Iasachta, Ráth Chairn; Gearóid Ó Fátharta, Ciarán Ó Fátharta. Chun tosaigh: Mairéad Uí Dhomhnaill, Máire Ní Chualáin, Róisín Nic Leoid, Máire Ní Laoire, Corcaigh, Sibéal Ní Chonghaile, Áine Durkin
Na daoine a bhí i láthair ag seoladh an chnuasaigh i Leitiir Móir
An cnuasach scríbhneoireachta, I mBun Pinn
Ciarán Ó Fátharta, a bhí i mbun na gceardlann, ag labhairt leis an slua
Máire N Uí Mhurchú ag léamh sliocht óna saothar féinMáire Ní Laoire, Múscraí, ag léamh
Róisín Nic Leoid a bhfuil a saothar sa leabhar
Ruth Nic Ghiolla Iasachta, Ráth Chairn
Sailí Uí Ghionnáin ag roinnt a saothair
Patsy Ó Cualáin agus Feidhlim Ó Cualáin
Fear an tí Peadar Ó Maoláin ag seoladh an chnuasaigh, I mBun Pinn
Ciarán Ó Fátharta Áisitheoir, Peadar Ó Maoláin Fear an Tí, Máirín Uí Ráinne Oifigeach Forbartha Chomhairle Cheantar na nOileán, Jimmy Ó Ráinne, Cathaoirleach an Choiste Stiúrtha Pleanála Teanga. Chun tosaigh: Eilís Ní Lochnáin Cathaoirleach Chomhairle Cheantar na nOileán, Máire-Áine Uí Ailín, Oifigeach Pleanála Teanga Ghlór na nOileán, Áine Durkin, Áisitheoir
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Saothar nua le scríbhneoirí Gaeltachta seolta i gConamara'