GAILEARAÍ: Réalta is cairde an amhránaí agus an cheoltóra, Mary McPartlan, ag ceol ina cuimhne

Bhailigh muintir na cathrach agus cairde ceoil is litríochta isteach i Halla na Cathrach, Gaillimh chun saol an amhránaí agus an cheoltóra Mary McPartlan a cheiliúradh. Bhásaigh Mary agus dianghlasáil na paindéime i bhfeidhm. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Paddy Noonan, fear céile, Mary, ar dheis agus a n-iníonacha Méabh agus Mairéad

 

Banna Ceoil Mháirtín O’Connor: ó chlé: Jim Higgins, Cathal Hayden, Máirtín O’Connor agus Seamie O’Dowd

 

Máirtín O’Connor. Seanchairde ab ea Mary McPartlan agus fear an bhosca, a cúltaca sprioradálta a thugadh sí féin air

 

An file agus an drámadóir, Vincent Woods ó chontae Liatroma, comharsa agus cara saoil de chuid Mary McPartlan. Scríobh sé dhá amhrán di ‘Sanctuary’ agus ‘Hold Me Up To Kiss the Moon’

 

Bertha Hope a chuir ceol anall ar nasc físe ón Músaem Náisiúnta Snagcheoil in Harlem. Thaifead Bertha ar dhlúthdhiosca Mary, ‘From Mountan to Mountain’, 2016

 

Ríoghnach Connolly

 

An t-iriseoir ceoil, Colin Irwin ó Londain, ag cur síos ar Margaret Barry (1917 – 1989), amhránaí ar chuir Mary an-spéis inti

 

Beannachtaí ó Ethan Hamblin agus Sam Gleaves ó Choláiste Berea, Kentucky. Chaith Mary tréimhse ansin agus d’eascair Léacht agus Scoláireacht Jean Ritchie in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh as a cuairt

 

An cumadóir ceoil Shaun Davey

 

‘Iomramh Bhréanainn’ á chasadh ag an Dr Elvin Moynagh. Tháinig Elvin díreach óna dhualgais leighis sa Rotunda chun a bheith ag an gcomóradh

 

An t-amhránaí Rita Connolly á tionlacan ag Máirtín O’Connor

 

Hannah Kiely, duine de lucht eagair na ceolchoirme

 

An tOllamh Lillis Ó Laoire a d’aistrigh amhrán Charna ‘Johnny Seoighe’ chun go ndéarfadh Mary agus é féin le chéile é. Ní bhfuair Mary faill ach chan Lillis é ina honóir.

 

An file Eva Bourke

 

Frankie Gavin

 

Michael Harding

 

Juliana Erkkonen agus Ruth Dillon

 

Carmel Dempsey ag casadh ‘Those Were the Days My Friends’, amhrán Mary Hopkins 1968 a léirigh Paul McCartney

 

Angela Carberry, Ceoltóir  na Bliana, Gradam Ceoil TG4 2021

 

Sorcha Costello, Ceoltóir Óg na Bliana, Gradam Ceoil TG4 2021

 

Gach duine ar stáitse le haghaidh an chlabhsúir – ‘Rainy Night in Soho’ le Shane MacGowan – amhrán mór de chuid Mary

 

Juliana Erkkonen, Jim Higgins agus Aodh Ó Coileáin, fear an tí

 

Beirt iníonacha Mhary, Méabh agus Mairéad, a fear céile Paddy Noonan, le Lelia Doolan (léiritheoir an tseó) agus
Emma O’Grady (bainisteoir stáitse)

 

Mary McPartlan

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Réalta is cairde an amhránaí agus an cheoltóra, Mary McPartlan, ag ceol ina cuimhne'