GAILEARAÍ: Rang Ardteiste 2020 Choláiste na Coiribe an-sásta lena dtorthaí

Bhí múinteoirí agus daltaí Rang Ardteiste 2020 Choláiste na Coiribe sa Ghaillimh an-sásta leis na torthaí a bronnadh inné orthu. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Beirt dhlúthcairde sásta leis na torthaí inné

 

Príomhoide Choláiste na Coiribe, Eoghan Ó Ceallaigh, agus pictiúir speisialta á bhronnadh aige ar gach dalta i rang na hArdteiste 2020

 

Na daltaí ag ceiliúradh na dtorthaí i gColáiste na Coiribe

 

An múinteoir, Móirín Nic Fhlannchadha, ag caint le beirt scoláirí

 

An príomhoide Eoghan Ó Ceallaigh ag plé na dtorthaí le cuid dá iarscoláirí

 

Trealamh Cosanta Pearsanta – an  saol nua i scoileanna na tíre

 

Daltaí na hArdteiste ag féachaint ar phictiúr díbh féin a rinneadh le Photoshop chun teacht timpeall ar na rialacha faoin scaradh  sóisialta

 

Megan Ní Chonchubhair, a  bheidh ag tabhairt faoin teiripe shaothair agus Isabel Glynn a bhfuil fúithi céim sna healaíona a dhéanamh

 

Oisín Shimizu agus Áine Ní Dhálaigh a bheidh ag tabhairt faoin altranas

 

Stephen Ó Féinn atá chun tabhairt faoin eolaíocht timpeallachta agus Megan Ní Chonchubhair

 

Ó chlé: Áine Ní Cháinte, atá ag súil le staidéar a dhéanamh ar an tsíceolaíocht, Saoirse Nic Fhlannchadha atá chun tabhairt faoin eolaíocht bhithleighis agus Brianna Pfeiffer arb é an staidéar ar an inbhuanaitheacht a rogha

 

Róisín Nic Aodha a bheidh ag tabhairt faoi staidéar leanaí agus Crea Nic Dhomhnaill arb é an tráchtáil ilréimseach a rogha

 

Tomás Seoige a bhfuil sé i gceist aige aghaidh a thabhairt ar an bPolainn chun staidéar a dhéanamh ar an tréidliacht agus Éadaoin Ní Dhaibhearnáin a bhfuil na healaíona digiteacha agus an teicneolaíocht roghnaithe aici

 

Sadhbh Ní Bhéarra. Siceolaíocht an rogha aici féin

 

Méabh Crudden a roghnaigh an teiripe shaothair agus Alex McNicholas atá ag tabhairt faoin dlí agus gnó

 

Rosa Mooney atá chun staidéar a dhéanamh ar an innealtóireacht agus Orla Ní Chonalláin atá chun tabhairt faoin eolaíocht mhatamaitice

 

Aoife Ní Riagáin arb é an dlí agus an eolaíocht pholaitiúil a rogha agus Aoibhe Ní Fhionnlaoich a thabharfaidh faoin dlí

 

Ó chlé: Maithiú Talbóid a roghnaigh an mhatamaitic airgeadais, Ross Ó Nualláin agus Oisín Turley a bhfuil fúthu beirt staidéar a dhéanamh ar an innealtóireacht

 

Máthair agus Mamó sásta. Martha Talbot agus Mary Geary, máthair agus Mamó Maithiú Talbóid

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Rang Ardteiste 2020 Choláiste na Coiribe an-sásta lena dtorthaí'