GAILEARAÍ: Pobalscoil Chorca Dhuibhne ina máistrí ar Chúige Mumhan arís

Tá Craobh Shinsir na Mumhan buaite ag peileadóirí na Pobalscoile den chúigiú huair le seacht mbliana anuas tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Scoil na mBráithre Críostaí Thrá Lí Dé Sathairn.  Pictiúir: Michel Cooper Galvin

GAILEARAÍ: Pobalscoil Chorca Dhuibhne ina máistrí ar Chúige Mumhan arís

Tá peileadóirí Phobalscoil Chorca Dhuibhne ina máistrí ar Chúige Mumhan arís tar éis don scoil Corn Uí Mhuirí a thabhairt leo Dé Sathairn seo caite. Seo í an cúigiú huair le seacht mbliana anuas don scoil Ghaeltachta craobh shinsir an chúige a thabhairt leo agus iad anois ag díriú arís ar chraobh na hÉireann.

Fuair siad an ceann is fearr ar Scoil na mBráithre Críostaí Thrá Lí i gCill Airne agus bua 2-13 in aghaidh 1-10 ag buachaillí Éamonn Fitzmaurice.

Nóiméad ciúnais in ómós d’Aodhán Ó Conchúir, an t-imreoir óg ón nDaingean a bhásaigh go tragóideach le déanaí. Pictiúr: Michel Cooper Galvin

Sé phointe a bhí idir na foirne ag deireadh an chluiche ach thug foireann Thrá Lí, atá faoi cheannas Mharc Uí Shé, neart le déanamh don Phobalscoil. Ní raibh ach scór nó dhó idir na foirne don chuid is mó den chluiche agus ba é scór na cinniúna an cúl a fuair Franz Sauerland, captaen na Pobalscoile, lena dhorn sé nóiméad roimh dheireadh na himeartha.

D’fhág sin ceithre phointe idir na foirne agus d’aimsigh Deividas Uosis, a bhuaigh craobh na hÉireann agus é ina chúl báire le mionúir Chiarraí anuraidh, dhá chúilín eile chun barr maise a chur ar chlár na scór don scoil Ghaeltachta.

Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag ceiliúradh i ndiaidh dóibh Corn Uí Mhuirí a bhuachan. Pictiúr: Michel Cooper Galvin

Bhí an chríoch a chuir an Phobalscoil leis an gcéad leath cinniúnach go maith freisin. Bhí scoil Thrá Lí trí phointe chun cinn ag druidim i dtreo leath ama ach d’éirigh le Uosis agus Ruaidhrí Ó Beaglaoich ceithre phointe as a chéile a fháil eatarthu, biaiste scórála a d’fhág go raibh an Phobalscoil chun cinn ag leath ama.

Chuaigh Scoil na mBráithre chun cinn arís nuair a d’aimsigh Fergal O’Brien cúl dóibh ach fuair Cillian Ó Failbhe cúl don Phobalscoil díreach ina dhiaidh agus bhí an Phobalscoil chun tosaigh ar bhuachaillí Thrá Lí as sin go deireadh an chluiche.

Lá corraitheach a bhí ann do Phobalscoil Chorca Dhuibhne ar mhórán slite agus gan ach coicís ó cailleadh go tragóideach dalta de chuid na scoile, Aodhán Ó Conchúir. Mar chomhartha ómóis don imreoir óg, níor chaith aon imreoir de chuid na Pobalscoile geansaí uimhir a dó, an geansaí a bhí á chaitheamh ag Ó Conchúir nuair a gortaíodh é.

Foireann Phobalscoil Chorca Dhuibhne Pictiúr: Michel Cooper Galvin

 

Gearoid Ó Leidhinn, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, agus Michael Scanlon agus  Fergal O’Brien Scoil na mBráithre Criostaí, Trá Lí, ag iarraidh stop a chur leis. Pictiúr: Michel Cooper Galvin

 

Deivides Uosis ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne ag tabhairt faoi scór. Pictiúr: Michel Cooper Galvin

 

Cathal Firtéar, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, ag tabhairt na gcosa leis agus Tadhg Brick sa tóir air. Pictiúr: Michel Cooper Galvin

 

Beirt d’fhoireann bainistíochta na Pobalscoile, Éamonn Fitzmaurice agus Tommy Griffin, i mbun machnaimh.  Pictiúr: Michel Cooper Galvin

 

Colm Ó Muircheartaigh, Pobalscoil Chorca Dhuibhne, agus é faoi bhrú ag Joseph Lenihan. Pictiúr: Michel Cooper Galvin

 

Franz Sauerland, captaen Phobalscoil Chorca Dhuibhne, agus Corn Uí Mhuirí á ardú aige. Pictiúr: Michel Cooper Galvin

 

Franz Sauerland leis an gcorn. Pictiúr: Michel Cooper Galvin

 

Buachaillí na Gaeltachta ag ceiliúradh. Pictiúr: Michel Cooper Galvin

 

Ag ceiliúradh arís. Seaimpíní na Mumhan, Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Pictiúr: Michel Cooper Galvin

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Pobalscoil Chorca Dhuibhne ina máistrí ar Chúige Mumhan arís'