Beidh an leabhar dátheangach nua, 'Ráth Chairn , An Talamh Bán, The Promised Land' le Matt Nolan á sheoladh in Áras Pobail Ráth Chairn ag a 7.00pm an Domhnach beag seo, an 9 Nollaig. Scéal 40 teaghlach as Conamara a d'aistrigh go Ráth Chairn agus a bhunaigh Gaeltacht láidir bhríomhar bhródúil ansin agus tá breis is 300 pictiúr sa leabhar a thóg Matt féin leis na blianta, chomh maith le cinn eile a bhaineann le bunú Ghaeltacht Ráth Chairn
Máirtín Chóil Neaine Pháidín Mac Donncha, an máistir seanchais, foinn, filíochta is damhsa, ag rince ríl sa chlub i Ráth Chairn ag Féíle na Mí in 2004. Beidh leabhar Matt Nolan á sheoladh i Ráth Chairn féin Dé Domhnaigh ag Máirtín Tom Sheáinín. An tAire Stáit Seán Kyne a sheolfaidh an leabhar i gConamara, Tí Mhichael Jack, Béal an Daingin, Dé Luain, an 10 Nollaig agus bean Ráth Chairn, Bláthnaid Ní Chofaigh, a dhéanfaidh an cúram sin i mBaile Átha Cliath, mar a seolfar é ar an 14 Nollaig i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge.
Mí Iúil 1998, thug Micheál agus Seán Ó Conaire a gcuairt dheireanach ar a bhfód dúchais, an Máimín i Leitir Móir. Síos an bóithrín seo go huaigneach a chuaigh siad féin agus a muintir i 1935 le ghabháil ar an mbus go Ráth Chairn, ‘An Talamh Bán’
Máire agus Caitlín Ní Mhéalóid ina réaltaí teilifíse
Cuid de na fir a chuaigh ar an Turas Aniar ar rothair go Baile Átha Cliath an 29 Márta 1934 le bualadh le de Valera agus talamh agus cearta á n-éileamh acu. Ar a mbealach isteach go dtí áras Chonradh na Gaeilge atá siad sa phictiúr
Pádraic Tom Phaitch Ó Ceannabháin, fonnadóir mór le rá as Carna, ag guí ag uaigh Choilm de Bhailís i 1998. Ba mhinic Pádraic i Ráth Chairn ag féilte is éigsí
Baile Átha Cliathach agus Tiobraid Árannach taobh amuigh dá dteach i Ráth Chairn glas na Mí. Bhog an bheirt mhúinteoirí, Anna Ní Dhonncha agus Simon Ó Cróinín, go Ráth Chairn sna 1980idí agus tá a lorg fágtha acu ar gach gné de shaol an phobail
An óige go deo i Ráth Chairn!
Ag sábháil an fhéir an chéad samhradh i Ráth Chairn i 1935. Na comharsana ag tabhairt cúnamh do mhuintir Chonaire ag déanamh coca mór féir don gheimhreadh. Ó chlé: Colm Ó Gríofa, Seán Ó Catháin, Micheál Seoighe, Micil Ó Conaire, Micheál Ó Conaire agus Pádraic Ó Conaire
Aifreann á cheiliúradh ar Inis Treabhair ag an Athair Micheál Ó Braonáin in 2014. As an oileán seo amach ó Eanach Mheáin a chuaigh muintir Phádraic Choilm Uí Chonghaile go contae na Mí i 1935. Tagann muintir an oileáin agus a sliocht ar ais chuile bhliain le haghaidh an aifrinn
Rugadh Nan Mhic Dhonncha ar Inis Treabhair i gConamara agus bhí sí ar an gcéad bhus go Ráth Chairn i 1935. Seo í Nan ag Féile na Mí i 1998 lena triúr iníonacha, Bríd Uí Chiaráin, Áine Uí Shúilleabháin agus Kate Uí Bhroin
John Chonraí ag réiteach braon tae ina chistin féin i Ráth Chairn, mar ar tháinig sé féin agus a mhuintir i 1935
Fir Chonamara ó Cheantar na nOileán agus Chois Fharraige ag féachaint amach ar mhachaire méith na Mí sula ndearna siad cinneadh aistriú go Ráth Chairn
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Léargas trí lionsa Matt Nolan ar scéal agus ar phobal Ráth Chairn…'