GAILEARAÍ: Na fataí agus na sméara ag Féile na bPuiteachaí ar Inis Meáin

Tá Féile na bPuiteachaí ag dul ó neart go neart mar ba léir ón slua mór a d'fhreastail uirthi in n Inis Meáin le déanaí. Tá bia eile curtha leis an bhféile a bhunaigh Aedín Ní Thiarnaigh - an fata fónta féiltiúil. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

Cailín óg as Inis Meáin agus lógó ealaíne na Féile ar a leiceann

 

Slua mór bailithe isteach i Halla Naomh Eoin agus chuile ghné de na puiteachaí á bplé

 

Fáilte go dtí an Fhéile. Aedín Ní Thiarnaigh agus Gráinne Ní Chonghaile – Stiúrthóirí na Féile

 

Máirín Uí Chonghaile, moltóir an chomórtais filíochta

 

Buaiteoir cuthaileach na filíochta, Cillín Ó Fátharta a fuair an duais do ghasúir as na naíonáin go rang a dó.  Máirín Uí Chonghaile agus Éadaoin Ní Dhomhnaill ag bronnadh na duaise thar ceann na bhfoilsitheoirí Futa Fata

 

Erinna Ní Ghiolla Ruaidh ag tabhairt faoin stáitse le haghaidh a duaise

 

Buaiteoir Laila Nic Dhonnacha, ag léamh a dáin in aice le Aedín Ní Thiarnaigh, agus Éadaoin Ní Dhomhnaill (Futa Fata)

 

Marcus Ó Fátharta: buaiteoir Rang 3-Rang 6

 

Chloe Ní Chonghaile, buaiteoir bliain 4-6

 

Fearghas Mac Lochlainn, a bhain an chéad duais do dhaoine fásta ag léamh a phí0sa ‘An tAchrann sa nGarraí’.

 

Treoir á tabhairt faoi thóraíocht taisce Fhéile na bPuiteachaí

 

Aedín Ní Thiarnaigh agus Aengus Ó Curraoin, tóraíocht taisce Fhéile na bPuiteachaí

 

Ceardlann Ealaíne le dúch puiteachaí, Orlaith Breathnach á stiúradh

 

Ealaíontóirí i mbun oibre

 

Ceardlann Cróiseála Fhéile na bPuiteachaí

 

Máirín Mhéiní Uí Chonghaile agus Ann Howard gnóthach ar an mbiorán

 

Ag péinteáil puiteachaí ar éadain

 

Is maith an éadáil iad!  Na fataí a bhí istigh ar chomórtas na bhfataí

 

Liam Mac Thomáis (7 mbliana d’aois) – Buaiteoir, An Fata is Mó

 

An buaiteoir, Liam Mac Thomáis lena athair, Luke, agus Éanna Ó Fátharta a bhfuair a fhata breá an tríú háit

 

Aedín Ní Thiarnaigh, bunaitheoir na Féile, ag fógairt an chomórtais bácála

 

An máistir-bháicéir Jimmy Griffin ag tástáil na gcácaí

 

Iontas ar Orla Breathnach nuair a fógraíodh a tríú háit sa gcomórtas bácála

 

An grúpa scoláirí as Coláiste Naomh Eoin a bhain an dara háit sa gcomórtas bácála

 

Catherine Sandoval, a bhain an chéad áit amach, agus an moltóir Jimmy Griffin

 

Blasta milis! Cáca Catherine Sandoval, a bhuaigh Comórtas Bácála Fhéile na bPuiteachaí

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Na fataí agus na sméara ag Féile na bPuiteachaí ar Inis Meáin'

  • WTF

    Súil an tSeabhaic ag SÓM i gcónaí bail air. Measaim gur maith leis cácaí!