Súil ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2018 trí lionsa Tuairisc.ie… (Cuid 1)

Seo an chéad ghailearaí de dhá cheann speisialta ina dtugann Seán Ó Mainnín agus grianghrafadóirí eile Tuairisc.ie amharc ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta le bliain anuas. Foilseofar an dara gailearaí amárach...

Fionnghuala Nic Thighearnáin as Gaillimh, ag tine chnámh Oíche Naomh Eoin in Inis Meáin mí an Mheithimh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

 

Rince is ceol ag oscailt Ionad Dhún Chíomháin, ionad foghlama Ollscoil Chorcaí i mBaile an Fheirtéaraigh. Pictiúr: Manuela Dei Grande

 

Mo Chara ón bhanna Kneecap ag rapáil ag Féile na Gealaí i nGaeltacht Ráth Chairn mí an Mheithimh. Pictiúir: Deirbhile Ní Chathail (Dú Designs)

 

Bridie Ní Ghrádaigh ag baint sult as an spraoi ag Féile na Gealaí.i Ráth Chairn.  Pictiúir: Deirbhile Ní Chathail (Dú Designs)

 

Karoliina Saari as an bhFionlainn agus Aonghus Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coistealbha sna Creagáin i gConamara agus glasraí orgánacha á bhfás acu mí an Mheithimh. Pictiúr le Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-conamara-faoi-bhlath-sa-ngarrai-glas-sna-creagain/

 

Daltaí agus pobal Scoil na bhForbacha ag ceiliúradh oscailt na scoile nua faoi ghrian mhí an Mheithimh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-fisean-la-mor-faoin-ngrian-ag-muintir-na-bhforbacha-agus-a-scoil-nua-oscailte-go-hoifigiuil/

 

Daltaí ó Choláiste Mhuire, Cabrach, Baile Átha Cliath agus Gaelbhratach Gael Linn bronnta orthu mí Bealtaine. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-os-cionn-700-dalta-o-scoileanna-gaeilge-agus-gaeltachta-i-lathair-ag-ocaid-bhronnta-gaelbhratach-gael-linn/

 

Máirtín Ó Catháin agus  Marty Walsh, Méara Bhostúin ag oscail oifigiúil Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna sa mBealtaine. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-slua-mor-i-gcarna-doscailt-ionad-cuimhneachain-na-nimirceach/

 

Conchúr Ó Ceallacháin ag tabhairt ómóis do Sheosamh Ó hÉanaí ag seoladh chartlann Sheosaimh Uí Éanaí ag Féile Joe Éinniú i gCarna sa mBealtaine. Pictiúr: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-taispeantas-cartlainne-seolta-ag-feile-joe-einniu-i-gcarna/

 

Onenn agus Anann Ní Bheaglaoich ag Mórshiúl Fhéile na Bealtaine sa Daingean. Pictiúr: Manuela Dei Grandi
https://tuairisc.ie/gailearai-gach-saghas-neach-beo-ag-feile-na-bealtaine-sa-daingean/

 

Spleodar is mistéir ag Féile na Bealtaine sa Daingean. Pictiúr: Manuela Dei Grandi
https://tuairisc.ie/gailearai-gach-saghas-neach-beo-ag-feile-na-bealtaine-sa-daingean/

 

Louise Ní Chonghaile as Scoil Éinne, An Spidéal, agus sicín beag amháin as an ál a thug siad amach sa scoil sa Bhealtaine. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-sicini-ar-scoil-agus-iad-ag-muineadh-gaeilge-agus-an-dulra-do-na-daltai/

 

Sorcha (9) agus Lilí (7) Ní Mhaoilchiaráin, Maínis, Carna, Co na Gaillimhe agus an Ghaeilge ar ‘strawberry blonde’ aimsithe acu ar aip nua foclóir.ie in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i mí na Bealtaine. Pictiúr: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-iris-aip-scolaireacht-seala-tri-sheoladh-agus-bronnadh-amhain-ag-morocaid-in-oe-gaillimh/

 

Róisín Ní Dhúill agus Grace de Bhál ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Co Chiarraí ag Tech-Féile sa gColáiste Ealaíne agus Deartha i Luimneach i dtús na Bealtaine. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-os-cionn-200-dalta-gaelscoile-agus-gaeltachta-i-luimneach-don-chead-tech-feile/

 

Niamh Ní Mhurchú, Gaelscoil Bhrian Boróimhe, Baile Átha Cliath agus Máirín Ní Bhaoill-Ní Fhionnagáin, Gaelscoil Uí Chéadaigh, Bré, ag deireadh an Aibreáin,
 ag bál an Fhorais Phátrúnachta 25 bliain tar éis a bhunaithe. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-ce-a-bhi-ag-an-mbal-ceiliuradh-deanta-ag-lucht-pairte-an-ghaeloideachais-ar-25-bliain-den-fhoras-patrunachta/

 

Mairéad Ní Chionnaith agus Gearóid Ó Tuama sa dráma ‘An Croí Fealltach’ ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta in Amharclann Chois Fharraige, Indreabhán, Conamara. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-lucht-na-dramaiochta-i-gcois-fharraige-dfheile-naisiunta-na-dramaiochta-2018/

 

Uisneach, Coláiste na Coiribe, Gaillimh, ag Siansa Gael Linn 2018 sa Cheoláras Náisiúnta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-bua-spleodrach-ag-spleodar-o-fhear-manach-ag-sinsa-gael-linn-2018-sa-cheolaras/

 

Caoimhe Ní Mhaolagáin ag rince ag Pop-up Oireachtas in Ollscoil Mhá Nuad mar chuid den Pop-up Oireachtas

https://tuairisc.ie/gailearai-an-chead-pop-up-oireachtas-riamh-in-ollscoil-mha-nuad/

 

‘Lá Dearg na Mac Léinn’ a d’eagraigh Comhaltas na Mac Léinn agus an Dream Dearg i nGaillimh. Pictiúr: Gráinne Ní Ghillín
https://tuairisc.ie/gailearai-bhi-mic-leinn-o-cheann-ceann-an-tire-i-gcathair-na-gaillimhe-do-la-dearg-na-mac-leinn/

 

Ag an mórshiúl ‘Beo’ i mBaile Átha Cliath bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn agus Kila chomh maith leis an mbeirt chailíní seo. Pictiúir: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-na-milte-beo-gaelach-agus-broduil-i-mbaile-atha-cliath-do-mhorfheile-bhliain-na-gaeilge/

 

Pardún iarbháis do Mhaolra Seoighe, a crochadh san éagóir as dúnmharuithe Mhám Trasna in 1882, á shíniú ag an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn. Pictiúr: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-ocaid-stairiuil-in-aras-an-uachtarain-agus-pardun-iarbhais-tugtha-do-mhaolra-seoighe-a-crochadh-san-eagoir-in-1882/

 

Muintir Chorca Dhuibhne ag comóradh Thomáis Ruiséal cothrom an lae ar adhlacadh an tÓglach Duibhneach i reilig Chill Maoilchéadair
https://tuairisc.ie/gailearai-searmanas-taibhseach-i-gcuimhne-ar-thomas-ruiseal-i-dteampall-chill-maoilcheadair-ar-an-satharn/

 

Antoine Ó Coileáin, Muireann Ní Mhóráin, Seán Ó Ceallaigh, Andrea Ní Fhaoláin agus Mairéad Ní Thiománaigh ag ceolchoirm cheiliúrtha Gael Linn i gCorcaigh agus an eagraíocht 65 bliain ar an bhfód.  Pictiúr: Réamonn Ó Ciaráin/Gael Linn
https://tuairisc.ie/gailearai-ceol-cuimhni-agus-comhluadar-cois-laoi-agus-65-bliain-de-gael-linn-a-gceiliuradh/

 

Conor Ó Donnchú ar stáitse i Seanscoil Sailearna in Indreabhán, Conamara ag ócáid le Tuismitheoirí na Gaeltachta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-fuadar-agus-macnas-i-seanscoil-sailearna-agus-gasuir-chonamara-ar-staitse/

 

Méibhín Nic an tSíthigh ó Dhún Chaoin ag paráid na Féile Pádraig ar an mBuailtín. Pictiúr: Ruth Uí Ógáin

 

Cailín óg i nDaingean Uí Chúis ag paráid na Féile Pádraig. Pictiúir: Tuairisc.ie/Manuela dei Grandi
https://tuairisc.ie/gailearai-ceol-agus-scleip-sa-daingean-do-pharaid-na-feile-padraig/

 

Na madraí ag paráid an Ceathrún Rua i gConamara Lá Fhéile Pádraig. Pictiúr: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín

 

Paráid na Féile Pádraig sa Spidéal i gConamara. Pictiúr: Lydia Hernon
https://tuairisc.ie/gailearai-idir-mhagadh-agus-dairire-ag-paraid-na-feile-padraig-ar-an-spideal/

 

Liam Ó Duinnín  ag paráid Bhéal Átha an Ghaorthaidh i nGaeltacht Chorcaí. Pictiúir: Nóirín Ní Thuama

https://tuairisc.ie/gailearai-craic-conor-mcgregor-agus-curling-ag-paraid-na-feile-padraig-i-beal-atha-an-ghaorthaidh/

 

Daltaí Ghaelscoil Chluain Dolcáin: Chloe de Scealtún, Lucy Ní Dhubhshláine, Leah Ní Bhriain, Lauren Ní Shearbháin, Eve Ní Chonchúir agus Aoibhe Ní Cholgáin ag seoladh leabhar Anna Heussaff  i gColáiste Chilliain i mBaile Átha Cliath . Pictiúr: Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-nil-a-saru-ann-leabhar-nua-le-anna-heussaff-seolta-i-gcolaiste-chillin-cluain-dolcain/

 

An ród seo romham ag rás Inis Iron Meáin.  Pictiúr: Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-laochra-na-hiomana-liam-mac-carthaigh-agus-john-agus-joe-o-conghaile-i-lathair-ag-ras-inis-iron-meain/

 

Feargal Mac Ionnrachtaigh, Cathaoirleach Ghlór na Móna, buaiteoirí Phríomhdhuais Ghlór na nGael, in éineacht leis an Dr Máire Ní Annracháin, Bord Stiúrtha Ghlór na nGael, agus Pól Ó Gallchóir, Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge in Óstán an Ghlasáin i gcontae na hIarmhí.

https://tuairisc.ie/gailearai-udar-gairdis-ag-bronnadh-ghradaim-ghlor-na-ngael-san-iarmhi/

 

Shane McCann ag baint lán na súl as taispeántas faoina shin-seanathair ‘Fathach File/Reluctant Modernist’, Máirtín Ó Direáin, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Pictiúr: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-fathach-file-taispeantas-nua-faoi-mhairtin-o-direain-seolta-ag-uachtaran-ollscoil-na-heireann-gaillimh/

 

Daltaí as Scoil Éinne, An Spidéal leis ‘An Mac tíre Gránna’ ag Coirm Gael Linn i Halla na Cathrach i nGaillimh mí Márta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-steipeanna-agus-siamsaiocht-o-scoileanna-na-gaillimhe-ag-coirm-gael-linn/

 

An Fear Marbh faoi bhrat sneachta. Pictiúr: Mícheál de Mórdha

 

Earrach Chonamara! Capaillín i gCasla agus Stoirm Emma agus an Torathar Anoir le cur di aici. Pictiúr: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-a-chota-ban-deanta-ag-an-bhfear-marbh-agus-iomhanna-eile-den-sneachta/

 

Ráth Chairn Bán na Mí ag tús an Mhárta. Pictiúr: Éanna Ó Cróinín
https://tuairisc.ie/gailearai-eire-an-tsneachta-mhoir-scoth-na-seatanna-sneachtula/

 

Gearóíd Trimble, Foras na Gaeilge, Eoghan Mac Cormaic, Glór na nGael, Baile Locha Riach, Co na Gaillimhe ag seoladh ‘Gaeilge le Chéile’ i bPáirc an Chrócaigh mí Feabhra. Pictiúr: Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-gaeilge-le-cheile-seolta-i-bpairc-an-chrocaigh-agus-cuig-bhaile-ag-tabhairt-faoi-stadas-mar-lionrai-gaeilge-a-bhaint-amach/

 

Seoladh Sheachtain na Gaeilge le Energia i mí Feabhra ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i dTrá Lí

https://tuairisc.ie/gailearai-ple-deanta-ruin-rite-agus-seachtain-na-gaeilge-seolta-ag-ard-fheis-conradh-na-gaeilge-i-dtra-li/

 

Máirín Ní Chonghaile á bá i bpóga agus í á hinsealbhú mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge

 

Pádraig, Ógie agus Tomás Ó Sé ag ceolchoirm ‘Mórtas Cine’, Scoil Cheoil an Earraigh, Halla na Feothanaí i mBaile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne i mí Feabhra. Pictiúr: Manuela Dei Grandi
https://tuairisc.ie/gailearai-scoth-an-cheoil-agus-an-chomhluadair-ag-scoil-cheoil-an-earraigh-i-mbaile-an-fheirtearaigh/

 

Deirdre Nic Pháidín,  Pobalscoil Ghaoth Dobhair ag Scléip Gael Linn in Amharclann an Clasach, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath mí Feabhra. 
https://tuairisc.ie/gailearai-300-dalta-scoile-o-cheann-ceann-na-tire-i-mbun-scleipe-ag-morchomortas-gael-linn-i-mbaile-atha-cliath/

 

An Taoiseach Leo Varadkar i stiúideo Raidió na Life agus é ag seoladh cheannáras nua Fhoras na Gaeilge ag deireadh mhí Eanáir. Ina chomhluadar tá Cuan Ó Síoradáin, Stiúrthóir Raidió na Life, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge Seán Ó Coinn agus Bainisteoir Raidió na Life, Muiris Ó Fiannachta
Pictiúr: Tuairisc.ie/Seán Ó Mainnín
https://tuairisc.ie/gailearai-ceannaras-nua-fhoras-na-gaeilge-oscailte-ag-an-taoiseach-leo-varadkar-i-sraid-amiens-baile-atha-cliath/

 

Pobalscoil Ghaoth Dobhair agus Craobh Shinsir na hÉireann i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn tugtha leo acu mí Eanáir. Pictiúr: Seán Ó Mainnín https://tuairisc.ie/gailearai-an-chaint-agus-an-ceiliuradh-pobalscoil-ghaoth-dobhair-agus-scoil-chuimsitheach-na-ceathrun-rua-seaimpini-na-heireann-i-gcomortas-gael-linn/

 

Craobh na hÉireann na sóisear ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua i mí Eanáir. Pictiúr: Seán Ó Mainnín https://tuairisc.ie/gailearai-an-chaint-agus-an-ceiliuradh-pobalscoil-ghaoth-dobhair-agus-scoil-chuimsitheach-na-ceathrun-rua-seaimpini-na-heireann-i-gcomortas-gael-linn/

 

Scoil nua ag daltaí Ghaelscoil Mhic Amhlaigh i gCnoc na Cathrach i nGaillimh mí Eanáir. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie https://tuairisc.ie/gailearai-a-gcead-la-ina-scoil-nua-ghalanta-ag-daltai-ghaelscoil-mhic-amhlaigh-sa-ghaillimh/

Fág freagra ar 'Súil ar shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2018 trí lionsa Tuairisc.ie… (Cuid 1)'