GAILEARAÍ: Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh buaite ag Ollmhargadh na Seoighe i gCnoc na Cathrach

Os cionn 100 duine i láthair ag searmanas bronnta an Ghradaim chun ceiliúradh a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge i ngnólachtaí na cathrach

Is iad Ollmhargadh na Seoighe i gCnoc na Cathrach príomhbhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, gradam Gaillimh le Gaeilge don chomhlacht is fearr a chuireann an Ghaeilge chun cinn ina gcuid gnaithe.

I searmanas in Óstán Chuan na Gaillimhe tráthnóna inné, Déardaoin, an 16 Aibreán 2015, bhronn Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Dónal Lyons, Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar Aisling Joyce, Ollmhargadh na Seoighe, Cnoc na Cathrach.

Bhí os cionn 100 duine i láthair ag searmanas bronnta an Ghradaim chun ceiliúradh a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge i ngnólachtaí na cathrach.

Bronnadh duaiseanna i gceithre chatagóir ar fad.

Ollmhargadh na Seoighe i gCnoc na Cathrach a bhuaigh an Catagóir Miondíola faoi urraíocht Galway Bay FM, chomh maith leis an bpríomhghradam féin níos deireanaí an oíche sin.

Tá deichniúr cainteoirí Gaeilge fostaithe san ollmhargadh i gCnoc na Cathrach faoi láthair agus comharthaí dátheangacha taobh istigh agus taobh amuigh den siopa acu. Lena chois sin, bíonn ábhar margaíochta sa dá theanga acu, ar nós an ‘mála siopa’, agus bíonn tairiscintí speisialta na seachtaine le cloisteáil as Gaeilge sa siopa.

Sa Chatagóir Fáilteachais & Turasóireachta, faoi urraíocht Fháilte Éireann, ba iad Seodóirí Ceilteacha an Chladaigh a thug leo an duais. Fógraíodh gurb iad Fascinators & Fáiscín na buaiteoirí i gCatagóir na Seirbhísí, ar thug Snap Galway urraíocht dó.

Thréaslaigh Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Dónal Lyons, leis na gnólachtaí ar fad a bhain áit amach ar an nGearrliosta agus labhair sé ar an gcaoi a gcabhródh úsáid na Gaeilge le hiarratas na Gaillimhe a bheith ar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa, 2020.

“Cuirfidh stádas dátheangach na Gaillimhe go láidir leis na buanna éagsúla atá againn, agus léireoidh sé gur cathair chultúir faoi leith í Gaillimh agus gur chóir don Eoraip trí chéile a bheith bródúil aisti.”

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh buaite ag Ollmhargadh na Seoighe i gCnoc na Cathrach'