GAILEARAÍ: Gradaim ‘Scríobh Leabhar’ bronnta ar dhaltaí as Ciarraí

Ag ócáidí ar an Luan an 25 Bealtaine agus ar an Máirt an 26 Bealtaine 2015 in Ionad Oideachais Thrá Lí bronnadh gradaim ar roinnt den 1,582 dhalta as Ciarraí a scríóbh, a dhear agus a d’fhoilsigh leabhair dá gcuid féin i nGaeilge mar chuid den tionscadal Scríobh Leabhar Fhoras na Gaeilge. Is í Caitríona […]

Ag ócáidí ar an Luan an 25 Bealtaine agus ar an Máirt an 26 Bealtaine 2015 in Ionad Oideachais Thrá Lí bronnadh gradaim ar roinnt den 1,582 dhalta as Ciarraí a scríóbh, a dhear agus a d’fhoilsigh leabhair dá gcuid féin i nGaeilge mar chuid den tionscadal Scríobh Leabhar Fhoras na Gaeilge. Is í Caitríona Ní Shúilleabháin, moltóir ar an gclár teilifíse Glór Tíre agus ball de Bhord Fhoras na Gaeilge, a rinne an bronnadh.

Daltaí as naoi scoil déag i gceantar Chiarraí a ghlac páirt in Scríobh Leabhar, i measc suas le 6,500 dalta bunscoile ar fud na hÉireann a scríobh scéal dá gcuid féin i nGaeilge faoin iliomad ábhar. Déantar Scríobh Leabhar a reáchtáil sa cheantar seo trí Ionad Oideachais Thrá Lí i gcomhar le Foras na Gaeilge.  Beidh ócáidí eile ar aon dul leis na searmanais seo ar siúl i gceantair eile as seo go deireadh na scoilbhliana .

Tá páirt glactha ag níos mó ná 35,000 dalta sa tionscadal Scríobh Leabhar ó cuireadh ar bun é sa scoilbhliain 2006/2007.

“Is deis iontach é seo do leanaí spraoi a bhaint as an nGaeilge agus ag an am céanna a gcuid samhlaíochta a léiriú,” a dúirt Aedín Ní Bhroin, Stiúrthóir Chlár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge.

“Scríobhann siad faoi gach cineál ábhar, óna laethanta saoire lena muintir, a n-eachtraí lena gcairde, a gcuid peataí agus an saol mór trína súile féin. Ní hamháin go ligeann an scéim seo dóibh leabhar dá gcuid féin a chruthú, idir a scríobh agus a mhaisiú, ach is iontach an bealach é freisin chun misneach a chothú iontu as an gcumas Gaeilge atá acu”, a dúirt sí.

 

 

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Gradaim ‘Scríobh Leabhar’ bronnta ar dhaltaí as Ciarraí'