Bhí halla Scoil Sailearna ar an gCnoc in Indreabháin i gConamara lán go doras d'ócáid speisialta inniu a eagraíodh in ómós d'Fearghas Mac Lochlainn atá ag dul ar scor óna phost mar phríomhoide. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Dé hAoine, Deireadh Fómhair 25 2019 ag 6:23 pm
Cáca milis d’Fhearghas
Fearghas Mac Lochlainn agus a chaint dheiridh á tabhairt aige mar phríomhoide ar Scoil Sailearna
Caitríona Uí Bhéarra, príomhoide tánaisteach scoil Sailearna, ag cur tús le himeachtaí
An halla lán
Bualadh bos
Bríd, bean Fhearghais, agus a n-iníon Anna
Scéal Fheargais á inseacht ag na daltaí
Na daltaí i mbun scéalaíochta
An lucht féachana ag éisteacht go cúramach
An ócáid á taifeadadh
Dealbh an Phiarsaigh á bhronnadh ar Fhearghas ag Máirtín Ó Ceallacháin
Físeán beag ina dtugann na daltai óga a mbreithiúnas ar a bpríomhoide
An fear é féin ag breathnú ar an bhfíseán
Muintir Mhic Lochlainn ag baint sult as tuairimí na ndaltaí
Na daltaí ag breathnú orthu féin ina bhfíseán
Bualadh bos d’obair na ngasúr
Siobhán Ní Ghadhra ag gabháil buíochais thar ceann na dtuismitheoirí
Bronntanais ó na daltaí
Dreas ceoil
Bronntanas ó fhoireann na scoile
Bronntanas ó na tuismitheoirí
An slua mór a bhí i láthair
Bualadh bos uair amháin eile d’Fhearghas Mac Lochlainn
Dónal Ó hAiniféin
Comhgháirdeachas leat a Fhearghais. ..Guím gach sonas agus só ort agus tú ag dul ar scoir ón bpost. Éacht déanta agat i ngort an ghaeloideachais.