GAILEARAÍ: ‘Gliondar’ ar chroí Uachtarán na hÉireann i nGaelscoil Mhic Easmainn i dTrá Lí

Labhair an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn le múinteoirí agus scoláirí Ghaelscoil Mhic Easmainn sula ndeachaigh sé go dtí Trá na Beannaí don chomóradh stáit ar theacht i dtír Ruairí Mhic Easmainn céad bliain ó shin. Pictiúir: Joe Hanley agus tuairisc le Aimí Ní Riada

Ní dhéanfaidh scoláirí Ghaelscoil Mhic Easmainn i dTrá Lí dearmad go deo air. Bhí an cairpéad dearg amuigh, na páistí ag seinm agus ag canadh agus iad ag fanacht ar chuairt an Uachtaráin.

Shroich Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn agus a bhean chéile, Saidhbhín, an scoil ag a leathuair tar éis a deich maidin Dé hAoine seo caite.

Labhair an tUachtarán le múinteoirí agus scoláirí na scoile sula ndeachaigh sé go dtí Trá na Beannaí don chomóradh stáit ar theacht i dtír agus gabháil Ruairí Mhic Easmainn céad bliain ó shin.

Bhí na daltaí ag tnúth go mór leis an gcuairt agus chuireadar scoth na siamsaíochta, idir cheol agus drámaíocht, i láthair an Uachtaráin agus an laoch mór a bhfuil an scoil féin ainmnithe ina dhiaidh, Ruairí Mac Easmainn, á chomóradh.

“Tuigimid ar fad an meas atá ag an Uachtarán ar theanga agus ar chultúr na Gaeilge agus an spéis atá aige sa teanga. Tugann an Ghaeilge ‘súil eile’ dúinn chun féachaint ar an saol ar fad,” a dúirt Príomhoide Ghaelscoil Mhic Easmainn, Cáit Uí Chonchúir.

Dúirt an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn gur chuir an meas ar an teanga a léirítear i nGaelscoil Mhic Easmainn “gliondar croí” air.

“Caithfimid an dara seans a thabhairt don teanga. Cuireann sé gliondar ar mo chroí nuair a bhuailim le páistí, le tuismitheoirí agus le múinteoirí cosúil libhse atá ag treabhadh i ngort na Gaeilge,” a dúirt an tUachtarán.

__H_0438-2

__H_0007

__H_0038-3

__H_0070-3

__H_0088-3

__H_0090

__H_0110

 

__H_0117

 

__H_0214

 

__H_0230

 

__H_0248

 

__H_0261-2

 

__H_0266

 

__H_0295

 

__H_0368-2

 

__H_0371-2

 

__H_0398-2

 

__H_0438-2

 

__H_0476-2

 

925Z4115

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: ‘Gliondar’ ar chroí Uachtarán na hÉireann i nGaelscoil Mhic Easmainn i dTrá Lí'

  • padraig

    ‘Happy Birthday Mr President’ i mBéarla ag Gaelscoil in ómós do chuairt an Uachtaráin??????????????????????????

  • C Ui Chonchuir

    A Phádraig, a chara
    Ag ceiliuradh cuairt an Uachtaráin trí Ghaeilge a bhi daltaí agus pobal uile na Gaelscoile an mhaidin sin. Is tri Ghaeilge gan amhras a bhímid ag ceiliúradh gach aon ocáid ó cheann ceann na bliana…breithlá an Uachtaraín féin san áireamh….ach anois is arís is dócha faigheann rudai beagáinín measctha suas leis na meáin. Ní foláir nó nár thóg tú ceann de go bhfuil na paisti gleoite sin le eide scoile dubhghorm ag guí Breithla Sona ar an Uachtaran ó scoil eile ar fad ach mar a tharla cuireadh isteach a ngrianghraf i measc daltaí na Gaelscoile a chaitheann éide donn..BREITHLÁ SONA A UACHTARÁÍN gan amhras a deireann , a scriobhann agus a ghuionn muintir Ghaelscoil Mhic Easmainn uile
    Cáit
    .