Bhí ceiliúradh as cuimse i mBaile Átha Cliath agus i dTóiceo inné agus bonn óir buaite ag Kellie Harrington. Pictiúir: INPHO
Na sluaite bailithe ar Rae Portland luath ar maidin inné ag tacú le laoch na háite, Kellie Harrington, agus í sa tóir ar bhonn óir
Kellie ag déanamh a bealach isteach chuig an cró dornálaíochta i dTóiceo
Is i gcoinne Beatriz Iasmin Soares Ferreira ón mBrasaíl a bhí Harrington sa bhabhta ceannais
A lucht tacaíochta i mBaile Átha Cliath ag coinneáil súil ghéar ar an gcoimhlint
Curaidh an Domhain iad beirt, Harrington in 2018 agus Ferreira in 2019
Kellie sásta go maith théis an dara bhabhta
Ba léir an teannas ar Rae Portland
Kellie agus Ferreira i bhfostú ina chéile i dTóiceo
Tar éis di an chéad bhabhta a chailliúint, thug Harrington léi an dara agus an tríú babhta, de réir na moltóirí
Kellie ag fanacht go bhfógródh na moltóirí a gcinneadh…
…ach tugadh le fios faoi dheireadh go raibh an beart déanta aici
Kellie Harrington an tríú trodaí ón tír seo a bhuaigh bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha – Michael Carruth (1992) agus Katie Taylor (2012) an bheirt a rinne an t-éacht roimpi
Aeo Gately ag ceiliúradh gaisce Harrington sa mbaile i mBaile Átha Cliath
Ba mhór an t-údar mórtais agus údar faoisimh gaisce Harrington dóibh siúd ar Rae Portland
Kellie ag ceiliúradh le cóitseálaithe na hÉireann, Zaur Antia agus John Conlan
Harrington agus Ferreira ag déanamh comhghairdeachais lena chéile i ndiaidh na troda
Harrington ag gabháil buíochais leis na moltóirí agus an slua a bhí i láthair
Bhí cuid de na lúthchleasaithe eile ar fhoireann na hÉireann i láthair ag tacú le Harrington
Deartháireachta Kellie Harrington, Joel agus Christopher, a páirtí Mandy, agus a tuismitheoirí , Christy agus Yvonne, ag ceiliúradh a bua sa mbaile
An bonn óir bronnta ar Kellie
Na deora léi agus Amhrán na bhFiann á chasadh
Bhí na deora le máthair Kellie, Yvonne, sa bhaile freisin
Buaiteoirí na mbonn, Ferreira, Harrington, Mira Potkonen na Fionlainne agus Sudaporn Seesondee na Téalainne
Ceiliúradh as cuimse i mBaile Átha Cliath
An seaimpín á spré taobh amuigh de theach Kellie
Laoch Rae Portland agus na hÉireann, Kellie Harrington
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Gaisce Kellie Harrington á cheiliúradh i dTóiceo agus i mBaile Átha Cliath'