GAILEARAÍ: Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta bronnta den chéad uair ag Gradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh i nGaillimh

Bhí cúis cheiliúrtha ag cuid de lucht gnó na Gaillimhe ag Bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 aréir. Bronnadh Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta den chéad uair ag an ócáid de chuid Gaillimh le Gaeilge

Trevor Ó Clochartaigh, TG4, Judy Ní Dhubháin, Údarás an Gaeltachta, David Hickey, Uachtarán Chumann Tráchtála na Gaillimhe, Anne Melia, Fáilte Ireland, Treasa Uí Lorcáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Loretta Ní Ghabháin, Lorg Media, Keith Finnegan, Galway Bay FM agus Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, Bernadette Mullarkey i láthair ag Bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018 in Óstán Bhóthar na Trá, Gaillimh

 

An tAire Stáit do Ghnóthaí Pobail, Acmhainní Nádúrtha agus Forbairt Dhigiteach agus Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta á bronnadh aige ar Bhernie Ó Conaill. Sa phictiúr chomh maith tá an Dr Mairéad Nic Giolla Mhichíl, Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Áine Ní Chonghaile, bean chéile an Dr Peadar Ó Flatharta, Bernadette Mullarkey, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge agus Pádraic Reaney, ealaíontóir

 

An tAire Stáit Seán Kyne, Tom Kenny agus Sarah Ní Chionnaith, Siopa Leabhar agus Dánlann Uí Chionnaith, ar bronnadh an duais sa rannóg ‘Miondíol’ orthu, Keith Finnegan, Príomhfheidhmeannach Galway Bay FM (urraitheoir na duaise)

 

Seán Kyne, Emma Dillon-Leetch, The Connacht Hotel, ar bronnadh duais na rannóige ‘Fáilteachas agus Turasóireacht’ uirthi, agus Anne Melia, Fáilte Ireland, lucht urraithe na catagóire

 

An tAire Stáit Seán Kyne agus an duais sa rannóg ‘Seirbhísí’ á bronnadh aige ar Mhícheál Ó Scanláin agus Vivienne Molloy, Sweeney Oil, Sa phictiúr leo tá Rónán Walsh as Snap Galway a rinne urraíocht ar an gcomórtas

 

Caroline Gannon ó iSupply buaiteoirí na rannóige ‘Comhlachtaí Eile’ leis an Aire Stáit agus Treasa Uí Lorcáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a rinne urraíocht ar an rannóg

 

Bronnadh Speisialta na Moltóirí á dhéanamh ar Sheosamh Ó hAllmhuráin agus Seán Ó Méalóid, Big O Taxis, le Judy Greene ó Judy Greene Pottery, a rinne urraíocht ar an rannóg, Conor Dalton, Corrib Shopping Centre agus Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge Bernadette Mullarkey

 

Comhairleoirí Cathrach na Gaillimhe: An Comhairleoir Pádraig Conneely, An Comhairleoir John Walsh agus an Comhairleoir Declan McDonnell i dteannta Chathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge Bernadette Mullarkey

 

Stiúrthóirí Bhord Stiúrtha Ghaillimh le Gaeilge: ó chlé, Aindriú D’Arcy, Isbéal Nic Aoidh, Barry O Sullivan, Seán Stewart, Bernadette Mullarkey (Cathaoirleach) agus Caitlín Nic an Ultaigh i dteannta Emma Dillon-Leetch, The Connacht Hotel, buaiteoir iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2018

 

Séamus Mac Giolla Chomhaill, iar-phríomhoifigeach i Roinn na Gaeltachta, Éamonn Ó Bróithe, Oifig an Choimisinéara Teanga, Caitlín Nic an Ultaigh, Stiúrthóir Ghaillimh le Gaeilge agus Peadar Mac an Iomaire

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Duais Aitheantais Pheadair Uí Fhlatharta bronnta den chéad uair ag Gradaim Sheosaimh Uí Ógartaigh i nGaillimh'