Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Dioplóma Iarchéime bronnta ag Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr ar iarrthóirí ó Thoraigh go Corca Dhuibhne'

  • Eoin Ó Riain (@ReadoutSignpost)

    Mar a deirtear anseo ‘sé Seán Ó Cuirreáin a sheol Coláiste na hÉireann sa bhliain 2013. Is ann a thug sé caint láidir agus stairiúil, le torthaí a chuid thaighde “a thugann léargas ar an mbealach ar déileáladh leis an dá cheist chéanna … ag tréimhsí difriúla i stair an Stáit….

    “• An gcinnteofar, sna leasuithe ar an Acht, go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll?

    • An ndéileálfar ag an am céanna le ceist na teanga in earcaíocht foirne don chóras poiblí i gcoitinne?”

    Agus críochníodh sá leis an abairt seo:

    “An bhfuil muid – agus muid ag druidim le comóradh cead bliain Éirí Amach na Casca 1916 – chun Béarla éigeantach a chur in áit na Gaeilge éigeantaí i gcóras stáit na tíre seo?”

    Ceist mhaith!

    https://gaeltacht21.blogspot.ie/2013/09/moill-moilliu-no-stopadh-torthai.html