D'eagraigh an Clár Éifeachtach Fuinnimh seisiún comhairleoireachta i gcomhar leis an gcomhlacht KORE Retrofit faoi uasghrádu tithe agus na deontais atá ar fáil chuige in Halla na Tulaí, Conamara. Bhí deis ann cuairt a thabhairt ar theach cónaithe a bhí uasghrádaithe chomh maith. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Christine O’Gorman ag a teach fuinneamh-éifeachtach, nuadheisithe i mBaile na hAbhann, Conamara. Rátáil fuinnimh G a bhíodh ag an seanteach seo ach tá rátáil A3 aige de bharr na n-oibreacha
Cuairt ar an teach athchóirithe teolaí
John B Smyth, Bainisteoir Tionscnaimh, KORE Retrofit ag caint faoi éifeachtúlacht fuinnimh. Rinneadh uasghrádú ar insliú, aerú, fuinneoga, doirse, soilse agus córas teasa an tí.
Christine O’Gorman, ag taispeáint teocht 24 céim sa teach ag deireadh an fhómhair. Ní chosnaíonn fuinneamh uile an tí ach €1,000 in aghaidh na bliana uirthi anois.
Caidéal teasa taobh amuigh den teach
John B Smyth, KORE Retrofit ag insint faoin gcóras teasa
Christine O’Gorman ag caint faoin athchúrsáil teasa ina teach cónaithe
Leac fuinneoige polaistiréine
Áiléar inslithe
Cruinniú eolais faoi scéim nua fuinnimh i Halla na Tulaí
Foirmeacha iontrála agus eolas á scrúdú go mion roimh thús an chruinnithe
Ceisteanna á bhfreagairt
Eolas faoin gClár Éifeachtach Fuinnimh
Lugh Ó Braonáin, Comharchumainn Fuinnimh; Eilís Ní Lochnáin, Comhairle Cheantar na nOileán; Pádraic Barrett, innealtóir agus measúnóir Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (BER); Christine O’Gorman, úinéir teach cónaithe uasghrádaithe; John B Smyth, Bainisteoir Tionscnaimh KORE Retrofit agus Patrick McHugh, ó choiste Chlár Éifeachtach Fuinnimh
Eilís Ní Lochnáin, Cathaoirleach Chomhairle Cheantar na nOileán ag cur tús leis an gcruinniú
An-suim á léiriú sa scéim Fuinneamh Éifeachtach
Patrick McHugh, ón gcoiste Clár Éifeachtach Fuinnimh
Pádraic Barrett, innealtóir a dhéanann measúnú ar an Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (BER)
Lugh Ó Braonáin, Comharchumainn Fuinnimh na hÉireann
Richard Duggan, Western Motors agus carr leictreach Volkswagen Golf á thaispeáint aige
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Cuairt ar theach cónaithe i gConamara a uasghrádaíodh faoin Scéim Éifeachtúlachta Fuinnimh'