GAILEARAÍ: Dámhachtainí do 19 as Meiriceá Thuaidh chun Gaeilge a fhoghlaim

Tugadh aitheantas ar an gCeathrú Rua inné do chúigear déag ó Mhéiriceá Thuaidh atá ag foghlaim na Gaeilge. Bhí Tuairisc.ie i láthair ag an mbronnadh

Bronnadh dámhachtainí ar chúigear déag foghlaimeoirí Gaeilge as na Stáit Aontaithe agus ceathrar foghlaimeoirí Gaeilge as Ceanada in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i Gaeltacht Chonamara inniu.

Bronnadh dámhachtainí freisin ar cheathrar teagascóirí Gaeilge a roghnaigh Fondúireacht Ollscoil na hÉireann/Ollscoil Cheanada (ICUF) chun an Ghaeilge a theagasc in áiteanna éagsúla ar fud Cheanada don bhliain acadúil 2015-16.

Tá na dámhachtainí seo á mbronnadh mar thoradh ar chomhoibriú leanúnach atá cothaithe idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Fulbright agus ICUF. Léiríonn siad an spéis mhór atá sa Ghaeilge sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada, áit a roghnaíonn móran foghlaimeoirí Gaeilge freastal ar chúrsaí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an Cheathrú Rua, agus in ionaid eile, gach bliain. Tá na dámhachtainí á maoiniú i gcomhpháirtíocht le hollscoileanna agus le hinstitiúidí sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada araon.

Rinne an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Joe McHugh T.D., comhghairdeas leo siúd ar bronnadh dámhachtainí orthu agus lena gcuid múinteoirí. Chuir an tAire fáilte mhór roimh an gcomhoibriú idir an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Coimisiún Fulbright agus ICUF.

Chuir Ambasadóir na Stát Aontaithe, Kevin O’Malley, fáilte roimh “thacaíocht leanúnach Rialtas na hÉireann” don chlár.

Dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin Fulbright, an Dr Dara FitzGerald, go raibh Dámhachtainí Samhraidh na Gaeltachta faighte ag 67 saoránach as na Stáit Aontaithe chun freastal ar chúrsaí Gaeltachta ar fud na hÉireann i mbliana.

“Tá muid cinnte go mbainfidh na mic léinn leas mór as an tumadh agus go n-inseoidh siad do mhórán daoine sa bhaile faoin taithí a bhí acu. Tá an-áthas orainn faoin rath atá ar an gclár seo,” a dúirt an Dr Fitzgerald.

Dúirt Príomhfheidhmeannach ICUF, James Kelly go bhfuil “cultúr agus oidhreacht shaibhir, chomhroinnte ag Éirinn agus Ceanada, agus go bhfuil “4.5 milliún duine i gCeanada atá in ann a rá gur as Éirinn a tháinig a sinsir. I mbliana, tá muid ag ceapadh seisear teagascóirí Gaeilge a thabharfaidh an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach anonn leo chuig ollscoileanna agus pobail ar fud Cheanada le linn na bliana acadúla amach romhainn.

“Chomh maith leis sin, tá 18 scoláireacht bronnta againn ar mhic léinn as Ceanada chun freastal ar dhianchúrsaí Gaeilge anseo sa Ghaeltacht”. Dúirt sé go dtugann an clár “deis do ghlúin nua tuiscint níos fearr a fháil ar an nasc idir an dá thír, agus cur leis an nasc sin ag an am céanna.”

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Dámhachtainí do 19 as Meiriceá Thuaidh chun Gaeilge a fhoghlaim'

  • seán

    Tá siad le moladh go mór as a ndúthracht. Teanga dheacair í an Ghaeilge, níor mhór do dhuine cluas an-íogair, an-ghéar a bheith aige chun í a shealbhú go maith. Dul i muinín na cluaise ar dtús sula dtabhrafaidh siad faoin ngraiméar, rud a d’fhéadfadh ciméara agus lagmhisneach a chur orthu, mo léan! Agus cainteoirí maithe a aimsiú sa chanúint a roghnaíonn siad féin a bhfuil foighne agus tuiscint acu. Ach thar aon rud eile, éist leis na hamhráin. Féach ‘Cartlann Sheosaimh Uí Éanaí’ mar a bhfuil tarraingt ar amhráin Ghaeilge agus Bhéarla.

  • Breathnóir

    Is mór an trua nach luaitear scéalta mar seo sna meáin Bhéarla in Éirinn. Sa chás sin b’fhéidir go dtuigfeadh ar a laghad roinnt daoine an luach a bhaineann leis an Ghaeilge, agus an tslí a bhfuil daoine á spreagadh i Meiriceá Thuaidh, agus níos faide i gcéin, leis an teanga a fhoghlaim.