GAILEARAÍ: Comhairle do leasa, idir chorp agus intinne, ón Athair Pádraig

'Sa mBaile i Mo Cholainn' is ainm do shraith chúig dhlúthcheirníní labhartha i nGaeilge agus Béarla le Pádraig Ó Fátharta, sagart i gConamara. Seoladh trí cinn díobh an Domhnach le déanaí. Pictiúir do Tuairisc.ie le Seán Ó Mainnín.

“Agus an saol ag athrú in aghaidh an lae, cuireann na dlúthcheirníní seo ábhar machnaimh agus cleachtaí ar fáil dúinn chun go mbeidh ár gcolainn agus ár n-intinn ag iomramh ar aon bhuille amháin”, dar le Pádraig agus é ag caint ag a sheoladh. Bhí slua d’os cionn céad duine i láthair nuair a seoladh na trí dhlúthcheirnín deiridh sa tsraith – Cneasú, Anáil agus Anseo Anois – ag an Ionad Tacaíochta Teallaigh, Indreabhán, Co na Gaillimhe.

Ba í an síciatraí cáiliúil Máirín Ní Nualláin a rinne an seoladh. Mhol an Dr Ní Nualláin na dlúthcheirníní d’aon  duine atá ag dul trí thréimhse anó nó ag iarraidh ciall a bhaint as athraithe an tsaoil inniu.

Tá na dlúthcheirníní ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ó shuíomh idirlín Phádraig www.athomeinmybody.com.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Comhairle do leasa, idir chorp agus intinne, ón Athair Pádraig'