Is iad Coláiste Chroí Mhuire an Spidéil curaidh chraobh shinsir na hÉireann 2019. D'éirigh leo aréir i gcomórtas díospóireachta Uí Chadhain Ghael Linn in Óstán an County Arms, i mBiorra. Pobalscoil Chorca Dhuibhne, an Daingean, a thug leo craobh na sóisear. Pictiúir: Seán Ó Mainnín
Curaidh na hÉireann, foireann Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co na Gaillimhe, Siobhán Ní Neachtain, Aisling Ní Chonghaile agus Aoife Nic Dhonncha, a bhuaigh craobh shinsir Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain Ghael Linn 2019. Bhí babhtaí ceannais an chomórtais ar siúl aréir i mBiorra in Uíbh Fháilí.
Na moltóirí: Ó chlé: Eoghan Mac Cormaic, Seán Mac Labhraí, Áine Hensey, Féilim Mac Donnchadha agus Íde Uí Uallacháin
Lucht tacaíochta na bhfoirne
Oisín Ó Coisdealbha, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal i mbun díospóireachta i gcraobh na sóisear. Ba é rún na sóisear ‘Tá cultúr na tíre seo slán sábháilte i lámha an aosa óig!’
Coláiste Eoin i mbun straitéise
Meadhbh Nic an Ultaigh, Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Ríméad ar fhoireann Phobalscoil Chorca Dhuibhne agus an scéal faighte acu gurbh iad a bhuaigh comórtas díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2019
Foireann Phobalscoil Chorca Dhuibhne, lena múinteoirí Ciara Ní Shé, ar chlé, agus Méabh Breathnach, ar dheis. Sa phictiúr chomh maith tá Pádhraic Ó Ciardha, Cathaoirleach Ghael Linn, ar chlé, agus aoichainteoir na hoíche, Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Curaidh na hÉireann! Páidí Mac Gearailt, Meadhbh Nic an Ultaigh agus Antaine Ó Séaghdha
Zoya Nic Eibhearáird, Coláiste Pobail Ráth Chairn réidh do dhíospóireacht na sinsear
Caoimhe Ní Thuathail, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua
Focal ó chathaoirleach Ghael Linn, Pádhraic Ó Ciardha, ag deireadh an chomórtais
Focal comhairle do na daltaí ó Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ciarán Ó hÓgartaigh
Ríméad ar fhoireann Cholaiste Chroí Mhuire, An Spidéal agus an toradh fógartha
Foireann Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, in éineacht le hAntoine Ó Coileáin, príomhfheidhmeannach Ghael Linn, a múinteoir, Tríona Ní Mhurchú, agus an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh
An scéal scaipthe agus na glaonna comhghairdeachais ag teacht isteach
Foireann agus lucht tacaíochta Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, ag ceiliúradh le Príomhfheidhmeannach Ghael Linn Antoine Ó Coileáin
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Coláiste Chroí Mhuire an Spidéil agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne seaimpíní díospóireachta na hÉireann'