GAILEARAÍ: ‘Círéib’ sa Cheoláras Náisiúnta agus buaiteoirí chomórtas Siansa Gael Linn fógartha

Bhí ardoíche ceoil sa Cheoláras Náisiúnta an Domhnach seo caite do Siansa Gael Linn 2016. Ba iad an banna Círéib, ó Choláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin buaiteoirí na bliana seo. Pictiúir do Tuairisc.ie le Seán Ó Mainnín

Is iad an grúpa Círéib ó Choláiste Eoin agus Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath, seaimpíní Siansa Gael Linn na bliana seo. Fuair siad an ceann is fearr ar sheacht gcinn eile de ghrúpaí thraidisiúnta sa Chraobh a bhí ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta ar an Domhnach, an 17 Aibreán.

Gael Linn a eagraíonn an comórtas bliantúil seo do ghrúpaí óga faoi 19 mbliana, le cabhair ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó Irish Music Magazine.

Bhí an Ceoláras Náisiúnta lán go béal le comhscoláirí agus cairde ceoil na n-iomaitheoirí. Is iad baill an ghrúpa bhuacaigh ná Fiona Nic Gamhna, Micheál Ó Grálaigh, Seán Ó Casaide, Stiofán Ó Casaide, Caoimhe Blennerhassett, Clodagh Ní Dhaltúin, Fergal De Fuitléigh agus Cathal Ó Muirgheasa, agus thug siad leo Trófaí Gael Linn chomh maith le seic €2,500. An grúpa Fuaimeanna Shliabh Luachra ó Cill Chuimín, Co. Chiarraí a fuair an dara duais de €1,250 agus sa tríú háit bhí an grúpa ‘Gluaiseacht’ ó Iarthar Chorcaí, a fuair seic ar €750.

Ba iad na ceoltóirí aitheanta Dónal O’Connor, Niamh Ní Charra agus Declan Masterson a bhí ag moltóireacht ar an oíche bhí sé soiléir go rabhadar breá sásta le caighdeán na gceoltóirí agus na n-amhránaithe óga a bhí cloiste acu.

Gliondar a a gcroíthe. "Ciréib" nuair a fógraíodh gurb iad a bhuaigh Siansa 2016
Gliondar a a gcroíthe. “Ciréib” nuair a fógraíodh gurb iad a bhuaigh Siansa 2016

Craoladh an cheolchoirm beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Áine Hensey a chuir an clár i láthair agus bhí an léiritheoir, Bairbre Uí Choisdealbha i láthair freisin, chun comhghairdeas a dhéanamh leis na duaiseoirí. ‘Bíonn láithreoirí na gclár ceoil sa stáisiún againne an-tógtha le lucht páirtíochta Siansa mar go mbíonn siad i gcónaí ábalta tabhairt faoi agallaimh leo i nGaeilge, bíodh is nach as an nGaeltacht a bhformhór,’ a dúirt Bairbre.

Agus é ag gabháil buíochais le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Irish Music Magazine, agus leis na grúpaí féin, dúirt Antoine Ó Coileáin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn go raibh Siansa an-tábhachtach mar ardán chun an ceol agus an Ghaeilge a chaomhnú. “Tá stair fhada ag Gael Linn ó thaobh chur chun cinn an cheoil agus na hamhránaíochta traidisiúnta Gaeilge. Ní gá ach breathnú ar lipéad ceoil Gael Linn le liosta na gceirníní a cuireadh amach le 50 bliain anuas a fheiceáil, leithéidí Sheosaimh Uí Éanaigh, Sheáin Uí Riada agus Clannad go Téada agus grúpaí eile sa lá atá inniu ann. Tá Siansa ag teacht ar réalta,”a dúirt sé.
Craolfar cuid de cheochoirm Siansa Gael Linn 2016 ar TG4  Dé Domhnaigh, an 1 Bealtaine, ar 5.25 i.n.

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: ‘Círéib’ sa Cheoláras Náisiúnta agus buaiteoirí chomórtas Siansa Gael Linn fógartha'