Ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh le déanaí, bronnadh boinn Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar chlubanna ó cheann ceann na tíre as an Ghaeilge a chur chun cinn. Pictiúir: Paddy Furlong
Seosamh Ó Maolalaí, Dónal Buggy, Tom Ó Flaithearta, Pádraigín Breathnach, Ann Ryan agus Ciara Ní Raghallaigh ó Na Fianna ag glacadh leis an mbonn óir
Uachtarán CLG John Horan ag labhairt leis an slua a bhí i láthair i bPáirc an Chrócaigh
Uachtarán CLG John Horan agus Seán Ó hAdhmáil ó Ghlór na nGael ag bronnadh bonn óir ar Eoin Ó Murchadha, Sinéad Ní Allmhurain agus Noel Ó Murchadha ó CLG na Rinne i bPort Láirge
Adhamhnáin Mag Aoidh ó chumann Naomh Peadar in Ard Mhacha ag baint sult as an ócáid
Beirt iníonacha Sheosaimh Mhic Dhonncha, Éilis agus Muireann
Uachtarán CLG John Horan agus Seán de Paor ó Ghlór na nGael ag bronnadh boinn ar Chaoimhe Ní Chathail ó Laochra Loch Lao i mBéal Feirste
Bonn airgid á bhronnadh ar Róisín Ní Ruanaidh ón gCloch Fhada CLG, Co. an Dúin
Bairbre Uí Chathail ó Ghaeil Leitir Ceanainn ag glacadh le bonn cré-umha
Peig, bean chéile Sheosaimh Mhic Dhonncha agus Malachy Duffin. I gcuimhne Sheosaimh Mhic Dhonncha a bunaíodh an fhondúreacht.
Fir Ard Mhacha ag baint spraoi as an oíche – Antain Ó hAmhráin agus Dáithí Ó Briain ó Chumann Peile Thomáis Dáibhis, agus Labhrás Ó Brolcháin agus Dónal Mac Cathmhaoil ón Chraobh Rua
Ionadaithe ó thrí chumann i dTír Eoghain, Na Cláirseacha, Fianna Oileán an Ghuail, agus Naomh Colum Cille a fuair boinn ag an deireadh seachtaine as cur chun cinn na Gaeilge
Caoimhe Ní Chathail, a ghlac le bonn thar ceann Laochra Loch Lao, agus a máthair, Bairbre Uí Chathail a ghlac le bonn thar ceann Gaeil Leitir Ceanainn
Pádraigín Breathnach (Na Fianna) agus Seán de Paor, Glór na nGael
Fear an tí, Damien Ó Dónaill, RnaG
Uachtarán CLG John Horan agus Úna Ní Chonaire ó Ghlór na nGael ag bronnadh boinn ar Antoin Ó hAllacháin ó CLG an tSean-Phobail, Co. Phort Láirge
Conor Ó Gallachóir agus John Joe Mac Íomhair ó chumann Chloich Cheann Fhaola i gCo. Dhún na nGall
Ghlac Máire Cáit Uí Mhurchú agus Fionnuala Nic an tSiúil le bonn cré-umha thar ceann CLG Chill Chomáin i gCo. Mhaigh Eo
Seán Séamas Mac Lochlainn agus Ruaidhrí Ua Cuirrín ó chumann Naomh Columba i gCo. Dhún na nGall
Ghlac Caitríona Uí Shuibhne le bonn cré-umha ar son CLG na Birte i gCo. Dhún na nGall
Seosamh Mac Cearnaigh agus Diarmuid Ó Ceallaigh ó chumann Thigh Chonnacht i gCo. an Dúin
Fiona Uí Lochnáin agus Caitríona Kavanagh ó Chumann Liathróid Láimhe Anach Cuan, Co. na Gaillimhe
Sharon Uí Fhionntaigh agus Conor Mag Fhionntaigh ó Ghleann tSúilí i gCo. Dhún na nGall
Martin McBrien agus Vincent Martin ó chumann Uí Chonaill, Doire Loinn, Co. Fhear Manach ag glacadh le bonn
Bronnadh bonn cré-umha ar Áine Nic Congáil agus Caolán Loughney ó chumann CLG Na Ceithre Máistir, Co. Dhún na nGall
Bonn cré-úmha á bhronnadh ar Serena Maxwell agus Gerard McStravick ó chumann Fianna Oileán an Ghuail, Co. Thír Eoghain
Mary Carmel Loughrey agus Maureen Kearney ó chumann Naomh Seosamh CLG, Gleann Aichle, Co. Thír Eoghain
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Ceiliúradh i bPáirc an Chrócaigh ar obair chlubanna CLG ar son na Gaeilge'