GAILEARAÍ: Oíche cheiliúrtha Bob Quinn

Bhí oíche cheiliúrtha ar shaol agus ar shaothar Bob Quinn, curtha i láthair ag Seosamh Ó Cuaig, sa Taibhdhearc an Satharn (28 Samhain) seo caite. I measc na n-aoíonna bhí an fealsamh Desmond Fennell, Noel Phat Mór Mac Donncha, Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha, Donncha Ó hÉallaithe agus Toner Quinn. Pictiúir le Seán Ó Mainnín

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Oíche cheiliúrtha Bob Quinn'

  • Bob Quinn

    Comhghairdeas le Seán ó Mainnín as na pictúir a rinne sé sa Taibhdhearc. Is breá liom dubh agus bán.