Bhí trí chluiche den scoth i bPáirc an Chrócaigh inné. An Ghaillimh a bhuaigh an cluiche mór nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Chill Chainnigh i gCluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann. Bhí bua iontach ag an Iarmhí sa chraobh idirmheánach agus ag Ciarraí sna sóisir
Foireann na Gaillimhe a bhuaigh Cluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann 2019 inné. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane
Foireann Chill Chainnigh a d’imir Gaillimh i gCluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann 2019 inné. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane
Claire Phelan Chill Chainnigh agus Catherine Finnerty. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane
Lorraine Ryan na Gaillimhe agus Anne Dalton Chill Chainnigh. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane
Emma Helebert na Gaillimhe in árach le Miriam Walsh agus Anna Farrell Chill Chainnigh. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane
Sarah Spellman na Gaillimhe agus Meighan Farrell Chill Chainnigh. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo
Gliondar Ailish O’Reilly tar éis di cúl a scóráil. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson
Cúl iontach scóráilte ag Niamh Hanniffy. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson
Mná óga na Gaillimhe ag tacú lena laochra. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane
Corn Uí Dhufaigh ag Sarah Dervan, captaen na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane
Foireann Chill Chainnigh croíbhriste tar éis an chluiche. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson
Lorraine Ryan, Heather Cooney and Sarah Dervan ag ceiliúradh a ngaisce i bPáirc an Chrócaigh. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane
Rebecca Hennelly, a neacht 7 mí d’aois Anna O’Reilly agus a hathair Gerry le Corn Uí Dhufaigh. Is é Gerry atá ina chathaoirleach ar bhord camógaíochta na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/James Crombie
An fhoireann an-mhórtasach go mbeidh Corn Uí Dhufaigh ag dul siar leo go Gaillimh den tríú huair riamh. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane
Nach aoibhinn a bheith beo! Catriona Cormican agus Lorraine Ryan. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane
Méadbh Scally na hIarmhí agus Mairéad Dillon na Gaillimhe. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo
Mairéad Dillon ag fáil a dóthain le déanamh ó Mhuireann Scally agus Amy Cully na hIarmhí. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson
Dervla Higgins agus Lorraine Coen na Gaillimhe ag iarraidh Sheila McGrath na hIarmhí a shárú. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson
Michelle Murtagh ag ceiliúradh tar éis don Iarmhí an cluiche a sciobadh ó Ghaillimh. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo
Ríméad an domhain ar Aoife Higgins agus a comhimreoirí. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Iarmhí an bhua! Amy Cully agus Aoife Doherty. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane
Cloíte ag an Iarmhí. Dearbhaile Walshe agus Ciara Donohue. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane
Mairéad McCormack agus Corn Jack McGrath á ardú aici don Iarmhí a bhuaigh craobh idirmheánach na hÉireann. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane
Ella Whelan Luimnigh á marcáil ag Elaine Ryall agus Sara Murphy Chiarraí i gcluiche ceannais na sóisear. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo
Jackie Horgan Chiarraí agus Ann Kennedy Luimnigh. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson
Liz Houlihan Chiarraí agus Grace Lee Luimnigh á bhféachaint féin san aer. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson
Poc saor do Luimneach ag Rebecca Noonan. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson
Súil ghrinn ar an gCiarraíoch, Patrice Diggin ag Ann Kennedy. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo
Úsáid Fianáin:
Baineann an suíomh greasáin Tuairisc.ie úsáid theoranta as fianáin chun críche fheidhmiú éifeachtach an fhreastalaí agus chun na críche sin amháin; Mura roghnaíonn tú féin clárú linn, ní dhéantar aon sonraí pearsanta a stóráil, a aisghabháil ná a aistriú chuig tríú páirtí go huathoibríoch. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin agus go nglacann sé/sí leis go bhfuil sé fíor. Chun fanacht ar an suíomh seo brú ar an gcnaipe seo:
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Ceardaithe camógaíochta na Gaillimhe, na hIarmhí agus Chiarraí ag ceiliúradh an bhua i bPáirc an Chrócaigh!'